Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 49:17

An Bíobla Naofa 1981

Tá lucht d'atógála chugat faoi dheifir, agus lucht do scriosta agus do chreachta ag imeacht asat amach.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Ansin cinn fine Iúdá agus Bhiniáimin, na sagairt agus na Léivítigh, agus go deimhin gach aon duine dár spreag Dia an spiorad iontu, chuireadar chun imeachta chun Teampall an Tiarna a atógáil in Iarúsailéim.

Dúirt mé leo ansin: “Feiceann sibh an cruachás ina bhfuilimid: tá Iarúsailéim ar lár agus a geataí dóite. Téanaigí, tógaimis ballaí Iarúsailéim agus ná bímis faoi náire mar seo a thuilleadh.”

Óir an drong a rinne bránna dínn, d'iarr siad amhráin orainn, agus an drong a bhíodh dár gciapadh, d'iarr siad lúcháir orainn: “Scaoiligí chugainn,” a deiridís, “amhrán d'amhráin Shíón.”

In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é, i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air, chun iad a chreachadh agus a shlad, agus satailt orthu mar shalachar na sráide.

“Tá sé fíor, a Thiarna, gur chreach ríthe na hAsaíre na náisiúin go léir agus a gcuid tailte;

Óir na ceantair bhánaithe chreachta sin agat, agus do dhúiche shladta go léir - róchúng a bheidh tú feasta do do lucht áitrithe, agus beidh an dream a thug aghaidh a gcraois ort i bhfad i gcéin.

Tá dearmad déanta agat ar an Tiarna a rinne thú, a spréigh na spéartha amach agus a chuir bun faoin talamh; agus tá crith ort i gcónaí agus gach uile lá roimh fhraoch an aintiarna agus é faoi réir le tú a scrios. Ach cá bhfuil sé, an fraoch seo an aintiarna?

Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall: táthar ag bailiú le chéile agus ag triall ort. Tá do chlann mhac ag teacht ó i bhfad i gcéin, d iníonacha fós agus iad á n‑iompar ar an leis.

Díreach mar a phósann ógfhear cailín, is é an Saor féin a phósfaidh thusa; agus mar is cúis ghairdis a chéile don fhear nuaphósta, beidh tú féin i do chúis ghairdis ag do Dhia.

Ní bheidh na comharsana tarcaisneacha arís mar dhris a scríobann, nó mar dhealg a stróiceann muintir Iosrael. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna Dia.

Socróidh mé líon daoine oraibh, muintir Iosrael go hiomlán. Beidh pobal cónaithe sna cathracha arís agus atógfar na fothracha.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí