Beidh sé mar a bheadh marc ar do láimh, nó mar chuimhneachán ar chlár d'éadain i dtreo go mbeidh dlí an Tiarna ar do bheola de shíor; óir is le láimh láidir a thug an Tiarna thú as an Éigipt amach.
Cuir mar shéala ar do bhrollach mé, mar fháinne ar do láimh. Óir ní láidre an bás ná an grá, ní doichte an tÉad na Tír an Bháis. Is tine dhóite é, sárlasair.
“Faoi mar a mhairim - an Tiarna a labhraíonn - dá mbeadh Coiniá mac Iahóiácaím rí Iúdá, ina fháinne séala ar mo dheasláimh, mar sin féin tharraingeoinn as sin é.
An lá sin, a deir Tiarna na Slua, glacfaidh mé thú, a Zarubáibil, a mhic Sheailtíéil, a sheirbhísigh liom, agus déanfaidh mé mar a bheadh fáinne séala díot. Óir is tusa atá tofa agam, a deir Tiarna na Slua.