Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 49:13

An Bíobla Naofa 1981

Canaigí le lúcháir, a spéartha, agus déan gairdeas, a thalaimh! a shléibhte, gairigí amach bhur racht áthais! Óir tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir agus ag glacadh trua dá chlann dearóil.

Féach an chaibidil Cóip

32 Tagairtí Cros  

Bíodh lúcháir ar na flaithis, agus aoibhneas ar talamh! Abraigí i measc na gciníocha: “Sé an Tiarna is Ri!”

a shléibhte agus a chnoca uile, a chranna toraidh agus a chéadrasa!

agus féaraigh an fhásaigh faoi bhláth. Tá na cnoic arna gcrioslú le gairdeas 13 agus na móinéir ag cur thar maoil le tréada. Tá na gleannta faoi bhrat arbhair; tógann siad gártha agus canaid le háthas.

Óir éisteann an Tiarna leis na bochta; ní thugann sé droim láimhe dá bhraighdeanaigh.

Tabharfaidh tú gradam agus sólás ar ais dom.

Is tú a chruthaigh an tuaisceart is an deisceart; molann Tábór agus Hearmón d'ainm le corp áthais.

Déarfaidh tú an lá sin: “Tugaim buíochas duit, a Thiarna; bhí fearg ort liom ach tá d'fhearg síothlaithe agus thug tú sólás dom.

Sea, glacfaidh an Tiarna trua do Iacób agus toghfáidh sé Iosrael arís agus bunóidh sé iad ina dtír féin. Tiocfaidh an coimhthíoch a cheangal leo agus cloífidh sé le teaghlach Iacóib.

A spéartha, liúirígí le háthas, mar tá an Tiarna i mbun gnímh. Scairtigí amach, a dhuibheagáin na talún! A shléibhte, ceolaigí le háthas, agus tusa freisin, a fhoraois, agus gach crann atá ionat! Óir tá an Tiarna tar éis Iacób a scaoileadh saor agus a ghlóir a fhoilsiú in Iosrael!

Amach libh as an mBablóin! Greadaigí chun siúil ó na Caildéigh! Le gártha áthais foilsigí, fógraígí an scéala; craolaigí é go críocha na talún. Abraigí: Tá an Tiarna tar éis a ghiolla Iacób a fhuascailt!

Mar bhí Síón á rá: “Tá mé tréigthe ag an Tiarna, tá mé ligthe i ndearmad ag mo Dhia.”

Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit. Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine, an duine ar dual dó an bás, an duine seo nach buaine é ná an féar?

Is ea, tá trua ag an Tiarna do Shíón, tá trua aige di ina ballóga ar fad mar atá. As an díthreabh sin aici déanfaidh sé Éidin, agus as a gaineamhlach gairdín don Tiarna. Cloisfear gártha áthais agus lúcháire ann, altú buíochais agus siansa ceoil.

Scairtigí amach le háthas, a bhallóga Iarúsailéim! mar tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir, tá sé ag fuascailt Iarúsailéim.

Seal faiteadh súl a thréig mé thú, ach le barr dáimhe agus dúchais baileoidh mé chugam thú.

Seal beag agus racht fraoich agus feirge orm cheil mé mo ghnúis ort. Ach tá trua agam duit anois le caoindúthracht shíoraí, a deir an Tiarna, do shlánaitheoir.

Sea, imeoidh sibh amach faoi lúcháir agus tabharfar abhaile sibh slán sábháilte. Sléibhte agus cnoic, ligfidh siad gártha áthais romhaibh agus beidh crainn uile na tíre ag bualadh bos.

Is ansin a ghairdeoidh an mhaighdean sa rince, déanfaidh ógánaigh agus seanóirí [meidhir]; fillfidh mise a ndobrón i ngairdeachas; tabharfaidh mé sólás agus faoiseamh ar lorg a ndólás;

Ansin gairfidh neamh agus talamh agus gach a bhfuil iontu, le teann lúcháire mar gheall ar an mBablóin, óir tá na scriosadóirí ón tuaisceart ag teacht ina héadan - an Tiarna a labhraíonn.

Seo mar a deir an Tiarna Dia: Bánóidh mé thú, rud a chuirfidh áthas croí ar an tír uile.

Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”

Ach an Dia a thugann sólás do na huirísle, thug sé sólás dúinne nuair a tháinig Títeas ar an láthair.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí