Mar sin féin, toisc é bheith trócaireach mhaitheadh sé a bpeaca, gan iad a scriosadh. Is minic a chuir sé srian lena fhearg agus nár lig sé a racht amach orthu.
A Dhia ar slánaithe, brostaigh chun ár gcúnaimh; cuidigh linn ar mhaithe le glóir d'ainm féin. Fuascail sinn agus maith dúinn ár bpeacaí as ucht d'ainm.
Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis.
Seo mar a deir an Tiarna: Nuair a bhíonn fíon úr le fáil i dtriopall caora fíniúna, deirtear: “Ná mill é; tá beannacht ann.” Déanfaidh mise mar an gcéanna ar son mo sheirbhíseach. Ní mhillfidh mé an náisiún ar fad.
Bíodh agus go bhfianaíonn ár n‑oilc inár n‑aghaidh, déan beart mar sin féin, a Thiarna, ar son d'ainm fein! Go deimhin is minic a bhíomar mídhílis, pheacaíomar i d'aghaidhse!
Ach tharraing mé siar agus d'oibrigh ar mhaithe le m'ainm, ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha, os a gcomhair siúd ar sheol mé amach iad.
Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna nuair a roinnfidh mé libh ar mhaithe le m'ainm féin, agus ní de réir bhur ndrochimeachtaí ná bhur ndrochnósanna, a mhuintir Iosrael - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Ach d'oibrigh mé ar mhaithe le m'ainm féin ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha ar chónaigh siad ina measc, óir gheall mé dóibh os comhair na gciníocha sin go dtreoróinn amach as tír na hÉigipte iad.
Óir cluinfidh na Canánaigh agus na dúchasaigh uile ina thaobh; cuirfidh siad le chéile inár n‑aghaidh agus scriosfaidh siad ár n‑ainm de chlár na talún. Cad a dhéanfaidh tú ar son d'ainm mhóir?”