Chuala tú agus chonaic tú sin go léir anois, nach bhfuil sé chomh maith agat é a admháil? Anois tá mé chun rudaí nua a fhoilsiú duit, rudaí folaithe nárbh eol duit,
A phobal liom atá do do bhualadh i do choirce ar an láithreán buailte, an ní a chuala mé ó Thiarna na Slua, ó Dhia Iosrael, is é atá á fhógairt agam duit.
Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam, tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é? Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásach agus cosáin san uaigneas.
A bhaicle gan náire! Éistigí le briathar an Tiarna Dia: An raibh mise i m'fhásach do Iosrael, nó i m'fhearann dlúth dorcha? Cad chuige mar sin go n‑abrann mo phobalsa: ‘Tá cead ár gcos againn, ní thiocfaimid chugat feasta’?
“Foilsígí i measc na náisiún é, fógraígí é: ná ceiligí é, abraigí: ‘Tá an Bhablóin gafa, tá Béil náirithe, tá Marodac ina smionagar. (Tá a híola náirithe, a dealbha gránna ina smidiríní.)’
Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta, mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir. Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó m'Athair, chuir mé in iúl daoibh é.
Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”
Mar atá scríofa: “Nithe nach bhfaca súil iad agus nár chuala cluas iad, nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne, is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó.”
Bhí fís agam ina dhiaidh sin, agus ba shiúd doras oscailte ar neamh, agus an chéad ghlór a chuala ag labhairt liom mar ghlór trumpa, bhí sé á rá: “Gabh anseo aníos agus taispeánfaidh mé duit a gcaithfidh teacht ina ndiaidh seo.”