Ná bígí stuacach anois mar a bhí bhur sinsir; géilligí don Tiarna, agus tagaigí chun a shanctóra, an sanctóir a choisric sé go síoraí; déanaigí seirbhís don Tiarna bhur nDia le go gcasfaidh fraoch a fheirge uaibh.
Rinne sé ceannairc freisin in aghaidh an rí Nabúcadnazar dár chaith sé géillsine a mhionnú dar Dia. D'éirigh sé ceanndána stuacach agus dhiúltaigh glan filleadh ar an Tiarna Dia Iosrael.
Ach a luaithe a bhí síocháin acu rinne siad peaca arís os do chomhair. Rinne tú iad a thabhairt i lámha a naimhde agus luigh siadsan orthu go danartha. Ach d'iompaigh siad, ghlaoigh chugat arís Agus thug tú cluas dóibh ó neamh. An minic a dhéanfaidh tú iad a fhuascailt le teann trócaire?
Ar aghaidh leat chun na tíre mar a bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Ní rachaidh mise féin in éineacht libh - óir is ceanndána an pobal sibh - le heagla go scriosfainn sibh ar an mbealach.”
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le clann Iosrael: ‘Is ceanndána an pobal sibh. Dá mbeinn ag dul in éineacht libh fiú nóiméad, scriosfainn sibh. Cuir uait d'ornáidí dá bhrí sin go bhfeice mé conas déileáil leat!’ ”
“Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Tabharfaidh mé ar an gcathair seo go cinnte agus ar a bailte uile máguaird an uile thubaiste dar fhógair mé, mar gur éirigh siad chomh ceanndána sin agus nach n‑éistfidís le mo bhriathra.’ ”
Sin é an fáth ar coinníodh siar na ceathanna, agus nach raibh fearthainn an earraigh ann. Agus choinnigh tú go dána ort d'aghaidh striapaí, b'fhada uait lasadh agus náire.
A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.
“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.
óir is eol dom a cheannaircí agus a cheanndáine atá tú. Má thugann sibh dúshlán an Tiarna inniu féin agus mé beo fós in bhur measc, nach mó ná sin go mór a thabharfaidh sibh a dhúshlán tar éis mo bháis!