Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 48:22

An Bíobla Naofa 1981

“Níl síocháin ar bith,” a deir an Tiarna, “i ndán do choirpigh.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Chuaigh eachlach i gcoinne Iéahú dá bhrí sin agus dúirt: “Deir an rí: ‘An síocháin bhur ngnó?’ ” Agus d'fhreagair Iéahú: “Nach cuma duitse faoi shíocháin? Cas timpeall agus lean mé.” Agus thug an fear faire scéala: “Shroich an teachtaire iad ach níl sé ag filleadh ar ais.”

Ansin sheol sé eachlach eile agus tháinig chucu agus dúirt: “Deir an rí: ‘An síocháin bhur ngno?’ ” Agus d'fhreagair Iéahú: “Nach cuma duitse faoi shíocháin? Cas timpeall agus lean mé.”

A insí na farraige, éistigí liomsa; tugaigí aire, a chiníocha i gcéin! Ghairm an Tiarna mé sa bhroinn dom, agus mé i gcoim mo mháthar luaigh sé m'ainm.

Ach tá lucht na hurchóide ar nós farraige suaite, farraige nach féidir di bheith ciúin, a mbíonn a tonnta ag caitheamh suas salachair agus láibe.

“Níl síocháin i ndán,” a deir mo Dhia, “do lucht na hurchóide.”

Agus nuair a théann siad amach, feicfidh siad corpáin na ndaoine sin a rinne ceannairc i m'aghaidh. A gcnumhóg siúd, ní rachaidh in éag ná a dtine ní mhúchfar ábhar gránach a bhéas iontu ag an gcine daonna go léir.

ag rá: “Dá mbeadh a fhios agatsa freisin, sa lá seo, na nithe atá de dhíth chun síochána! ach is amhlaidh atá siad i bhfolach ó do shúile.

ach bóthar na síochaná ní aithnid dóibh,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí