Is ann is álainn don Tiarna inár bhfianaise, ceantar aibhneacha agus sruthán craobhach, mar nach dtriallann soitheach rámha ar bith, mar nach seolann aon árthach arrachtach;
Cé thug Iacób ar láimh don chreachadóir agus Iosrael do lucht a scriosta? Nárbh é an Tiarna é? Ó rinne muid peaca ina aghaidh agus nár mhian linn a bhealaí siúd a leanúint, ná éisteacht lena reacht.
A spéartha, fearaigí anuas fíréantacht mar bheadh drúcht ann, ligeadh na néalta anuas í ina báisteach! Osclaíodh an talamh lena gabháil agus tagadh an slánú aníos ina gheamhar! Fásadh suas ina theannta sin an fhuascailt atá mise, an Tiarna, lena chruthú!
“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.
Óir, mar a chuireann an talamh aníos a gheamhair, ar nós gairdín ag geamhrú ón síolchur, is amhlaidh a chuirfidh an Tiarna Dia aníos mar gheamhar fíréantacht agus moladh i bhfianaise na gciníocha go léir.”
Ar mhaithe le Síón ní fhanfaidh mé i mo thost, agus mar gheall ar Iarúsailéim ní mian liom bheith socair, nó go dté a fíréantacht amach mar an maidneachan agus a slánú mar bheadh lóchrann ag lonrú.
Óir is mar seo a deir an Tiarna: Cuirfidh mé an tsíocháin uaim ag triall uirthi mar bheadh abhainn ann, agus ar nós tuile ag sceitheadh thar bruacha saibhreas na gciníocha. Beidh a leanaí cíche á n‑iompar ar an leis agus á luascadh ar ghlúine.
Cuirigí síolta an ionracais daoibh féin; bainigí fómhar an bhuanghrá; brisigí bhur bhfearann branair, óir is mithid daoibh an Tiarna a lorg nó go dtiocfaidh sé chun an fhíréantacht a shileadh oraibh.
“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!
Uch gan a gcroí a bheith mar sin i gcónaí, socair ar m'eaglasa agus ar m'aitheanta a choimeád, i dtreo go mbeadh an rath orthu féin agus ar a gclann go brach!