Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 48:13

An Bíobla Naofa 1981

Mo lámh is í a bhunaigh an talamh, mo dheaslámh a scar amach na spéartha. Ach mé a ghlaoch orthu, éiríonn siad aniar chugam in éineacht.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

An féidir leat cabhrú leis stua na spéire a leathadh Agus é chomh crua le scáthán de mhiotal leáite?

Deirim: “A Dhia liom, ná tóg mé chun siúil, ná sciob mé leat i lár mo laethanta, ós tú a mhaireann go brách na breithe.”

Socraíonn sé líon na réaltaí; ainmníonn sé ina gceann is ina gceann iad.

Óir is i sé lá a rinne an Tiarna neamh agus talamh agus an fharraige, agus gach a bhfuil iontusan, ach ar an seachtú lá scoir sé ó obair. Uime sin bheannaigh an Tiarna lá na sabóide agus naomhaigh é.

Cé a thomhais i gcroí a bhoise uiscí na farraige agus a leag amach na spéartha lena réise? a chruinnigh cré na talún i miosúr, a rinne na sléibhte a mheá sna scálaí agus na cnocáin in ainsiléad?

An ea nárbh eol daoibh? An ea nár chuala sibh? An ea nár insíodh daoibh é ón tús? An ea nach bhfuil sé tuigthe agaibh ó bunaíodh an domhan?

Tá cónaí air in airde os cionn roth na cruinne, agus a muintir sin ar nós dreoiliní teaspaigh. Leath sé amach na spéartha mar a bheadh brat iontu, spréigh sé amach iad ar nós both chónaithe.

Tógaigí bhur súile in airde ansin agus breathnaígí: Cé a chruthaigh na réanna úd murarb é an té a scarann amach in eagar slua iad agus a ghlaonn orthu go léir ina n‑ainm? Tá a chumhacht chomh mór sin agus a neart chomh láidir nach bhfuil aon cheann acu a loiceann air.

Is amhlaidh a deir an Tiarna Dia, an té a chruthaigh na spéartha agus a spréigh amach iad, a phasáil amach an talamh agus a thug toradh ann, a chuir anáil sna daoine atá ina gcónaí air agus meanma sa dream a shiúlann é:

Is amhlaidh a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, an té a dhealbhaigh thú ón mbroinn i leith: Is mise, an Tiarna, a rinne an uile rud, a spréigh na spéartha amach ar mo chonlán féin. Chuir mé bun faoin talamh, agus cé bhí ag cuidiú liom?

Is mise a rinne an talamh, is mé a chruthaigh an duine atá ina chónaí air. Mise le mo lámha féin a spréigh amach na spéartha agus tá ceannas agam ar a slua go léir.

Is ea, is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna, Cruthaitheoir na spéartha, arb é Dia é, arb é a dhealbhaigh an talamh agus a rinne é, a chuir bun faoi agus nár chruthaigh in anord é ach a rinne áit chónaithe de: “Is mise an Tiarna, níl m'athrach ann.

Tá dearmad déanta agat ar an Tiarna a rinne thú, a spréigh na spéartha amach agus a chuir bun faoin talamh; agus tá crith ort i gcónaí agus gach uile lá roimh fhraoch an aintiarna agus é faoi réir le tú a scrios. Ach cá bhfuil sé, an fraoch seo an aintiarna?

Is é a rinne an talamh lena chumhacht; is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna, agus a spréigh amach na flaithis lena ghrinneas.

de réir an scrioptúir: “Tá tú ceaptha agam i d'athair ar mhórán náisiún,” i bhfianaise an Dé ar chreid sé ann, an té a bheonn na mairbh agus a ghlaonn ar bith na nithe nach raibh ann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí