Íseáia 47:8An Bíobla Naofa 1981Anois, éist leis seo, a chailín an mhacnais, atá i do shuí go te á rá leat féin i do chroí: “Mise, mé féin amháin! Ní bheidh mise i mo bhaintreach choíche, ná ní dual dom mo chlann a chailliúint.” Féach an chaibidil |
D'imigh an cúigear leo agus thángadar go Láís, agus chonaiceadar go raibh muintir na háite sin ina gcónaí ansiúd gan bhuaireamh, dála na Síodónach, gan aighneas gan drochiontaoibh; nach raibh aon ní faoin spéir in easnamh orthu; go rabhadar i bhfad ó na Síodónaigh agus gan baint acu leis na [hArámaigh].