Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 47:7

An Bíobla Naofa 1981

Bhí sé ina dheilín agat: “Choíche is go brách beidh mise i mo mháistreás.” Níor mhachnaigh tú ar na rudaí seo i do chroí, ná níor chuimhnigh ar an deireadh a bheadh orthu.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

D'fhill Forann agus d'imigh ar ais chun a thí agus níor thóg sé ceann fiú amháin de seo.

Sa dóigh gur dhoirt sé fraoch agus fearg air agus fíoch an chogaidh. Agus chuir an fhearg sin trí thine é thart timpeall gan fhios dó, loisc sí é, agus ní dhearna sé a mhachnamh air.

Suigh fút, bí i do thost, agus isteach sa dorchadas leat, - a iníon na gCaildéach. Óir ní thabharfar ort níos mó choíche máistreás na ríochtaí.

Téann an fíréan in éag agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí é. Tógtar lucht na caoindúthrachta ar shiúl gan duine ar bith a thabhairt aird air.

Cé a chuir an eagla agus an t‑uamhan ort gur shéan tú mé, go ndearna tú dearmad orm agus nár choinnigh tú áit i do chroí dom? Ach mise, an ea nár fhan mé i mo thost, nár dhún mé mo shúile? Mar sin níl eagla ort romhamsa.

tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?

Tá a salachar féin ar a sciortaí; níor mhachnaigh sí riamh ar a raibh i ndán dí; ó nach tubaisteach é a turnamh! Níl sólásaí ar bith aici. “Féach, a Thiarna, ar m'ainnise; is ag mo naimhde atá an bua.”

“A mhic an duine, abair le prionsa na Tuíre: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Dúirt tú le teann mórchúise: Is dia mé, suím in ionad Dé i lár na farraige. Cé gur duine thú agus nach dia, measann tú bheith ar aon chéim le Dia.

Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise i d'aghaidh, a Fhorainn, a rí na hÉigipte, a chrogaill mhóir, ag únfairt i lár srutháin na Níle, a deir: ‘Is liomsa féin an Níl, mise a rinne [í].’

“A mhic an duine, seo mar a deir an Tiarna Dia le tír Iosrael: Tá deireadh tagtha, deireadh le ceithre aird na tíre.

Dá mbeidís eagnaí, thuigfidís é seo, bheadh léamh acu ar an gcríoch atá i ndán dóibh.

De réir mar a bhí éirí in airde uirthi agus teaspach, tugaigí di peannaid agus doilíos. Óir is é a deir sí ina croí: ‘Is banríon mé i mo chathaoir; ní baintreach mé ná ní baol dom doilíos a fheiceáil.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí