Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 47:6

An Bíobla Naofa 1981

Bhí colg orm chuig mo mhuintir, agus d'fhág mé smál ar m'oidhreacht. Lig mé isteach i do lámhasa iad, ach ní dhearna tú trua dá laghad díobh. Ar an seanduine bhuail tú anuas do chuing go róthrom.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

Dúirt Dáiví le Gád: “Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitimis i láimh an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, agus gan mé a thitim i lámha daoine.”

Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.’ ”

Bhí fáidh leis an Tiarna ann darbh ainm Obaed agus ghabh sé amach i gcoinne an airm ar a slí ar ais go dtí an tSamáir agus dúirt: “Bhí an Tiarna, Dia bhur sinsear, i bhfearg le Iúdá agus thug sé ar láimh daoibh iad dá bhrí sin, ach rinne sibhse ár orthu, lena leithéid de fhíoch gur shroich sé chun na bhflaitheas.

Thug sé rí na gCaildéach ina gcoinne dá bhrí sin agus chuir siadsan a laochra óga chun báis le faobhar claímh i dteach a sanctóra, gan trua gan taise ar ógánach ná ar mhaighdean, ar sheanóir ná ar sheanduine cromtha. Thug Dia iad go léir ar láimh dó.

Iad siúd a tháinig slán ón gclaíomh, dhíbir Nabúcadnazar go dtí an Bhablóin iad mar a raibh siad ina ndaoir aige féin agus ag a chlann mhac nó gur tháinig ríocht na Peirse i gcumhacht.

Ach chuir ár sinsir fearg ar Dhia neimhe agus thug seisean ar láimh iad do Nabúcadnazar an Caildéach, rí na Bablóine, agus scrios seisean an Teampall agus rinne sé na daoine a ionnarbadh go dtí an Bhablóin.

Go bhfágtar a gcampa ina uaigneas; go bhfágtar a n‑áitribh gan neach iontu.

In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é, i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air, chun iad a chreachadh agus a shlad, agus satailt orthu mar shalachar na sráide.

Bascfar a bpáistí os comhair a dhá súl, déanfar slad ar a dtithe agus éigean ar a mná.

a rinne fásach den talamh agus fothracha de na bailte, agus nár scaoil cime as braighdeanas riamh?”

an té a ghreadadh na ciníocha go fíochmhar le buillí agus le béimeanna, a smachtaíodh na náisiúin le fraoch, á gciapadh gan sos.

Thruailligh do phrionsaí mo shanctóir. Dá bharr sin lig mé Iacób uaim faoi chrann smola agus Iosrael faoi ainíde agus faoi achasán.

troideann siad le bogha agus ga; tá siad cruálach, míthrócaireach; is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige tá siad ag marcaíocht ar eachra, tá gach fear acu in eagar catha i d'aghaidhse, a iníon na Bablóine.

Tá mo chionta ceangailte ina gcuing; fíodh le chéile iad ina lámhasan agus ardaíodh iad ar mo mhuineál; eisean ba chúis le lagú mo nirt; thug an Tiarna ar láimh dóibh mé sa chaoi nach dtig liom fanacht i mo sheasamh.

[Éist] le mo chuid osnaíola; níl aon sólásaí ar bith agam; chuir scéala m'anó áthas ar mo naimhde uile; ar ndóigh ba thusa ba bhun leis go léir; luathaigh an lá atá fógartha agat, nuair a bheidh siadsan mar a bhfuilimse anois.

Scrios an Tiarna go neamhthrócaireach áitribh uile Iacóib; chreach sé go fíochmhar feargach dúnta iníon Iúdá; leag sé ar lár agus thruailligh sé an ríocht agus a flatha.

Chuir an Tiarna é féin scaipeadh orthu; níor chuimhnigh sé orthu níos mó; níor tugadh urraim do na sagairt ná ómós do na seanóirí.

Crochadh ár bhflatha; ní thugtar ómós do sheandaoine.

‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.

Ba é do thrádáil ghnóthach a líon le foréigean agus le peaca thú. Chaith mé síos thú mar rud truaillithe ó shliabh Dé; theilg an ceiribín coimhdeachta amach thú as lár na n‑aibhleog te.

“Beidh brat náire ort faoin bhforéigean a rinneadh ar do bhráthair Iósaef, agus rachaidh tú ar ceal go brách.

Faoi mar a d'ól tusa ar mo shliabh naofa ólfaidh na náisiúin go léir mórthimpeall; ólfaidh siad agus beidh na cosa ag imeacht uathu, agus rachaidh siad ar ceal amhail is nach raibh siad riamh ann.

Dúirt aingeal an Tiarna ansin: ‘A Thiarna na Slua, cá fhad eile a bheidh tú gan trua a ghlacadh do Iarúsailéim agus do chathracha Iúdá, a bhfuil tú i bhfeirg leo le seachtó bliain anuas?’

ach tá fearg an-mhór ar fad orm leis na náisiúin dhíomasacha; mar cé nach raibh ach fearg bheag orm, chuaigh siadsan thar fóir leis an olc a rinne siad.

óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.

náisiún is gruama dreach, gan urraim aige don sean ná taise don óg.

Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí