Sin agat anois do lucht draíochta, lenar chaith tú do dhua ó d'óige i leith! Imeoidh siad leo, gach aon acu ag dul roimhe, gan de chumas iontu tú a shábháil.
Tógann siad suas ar a nguaillí agus iompraíonn siad é, cuireann siad é san ionad ar dual dó seasamh ann. As an ionad ina bhfuil sé ní féidir leis bogadh. An té a ghlaonn air, ní thugann sé freagra dó, óna thrioblóid ní fhéadann sé a shábháil.
Ach tá tú tuirseach d'iomad do lucht comhairle. Seasadh siad amach anois le tú a shábháil, lucht chomhaireamh na spéartha, lucht scrúdaithe na réaltaí, an dream a fhoilsíonn in aghaidh na míosa cad tá le titim amach.
Búirthíl leoin bhaininn atá aige, agus béicíl mar bheadh coileán leoin ann; ligeann sé glam agus beireann ar a chreach, ardaíonn sé leis í agus níl duine ann chun í a bhaint de.
Madaí craosacha iad nach féidir a shásamh, tréadaithe nach dtuigeann dada. Téann siad go léir a mbealach féin, gach aon riamh acu ar lorg a leasa féin.