Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 46:9

An Bíobla Naofa 1981

cuimhnigí ar rudaí atá thart le fada an lá. Is mise Dia agus níl m'athrach ann is mise Dia agus níl mo leithéid eile ar fáil!

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

Chuir tú an méid sin i bhfolach i do chroí, Is eol dom gurbh é seo a bhí beartaithe agat:

Tugann sé orainn cuimhneamh ar a éachtaí; is trócaireach grámhar é an Tiarna.

Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna? Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachta le huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?

“Amárach,” ar seisean. “Bíodh mar a deir tú,” arsa Maois, “i dtreo go mbeadh a fhios agat nach bhfuil aon neach mar an Tiarna ar nDia.

mar an uair seo seolfaidh mé mo phlánna go léir sa mhullach ort féin, agus ar do shearbhóntaí, agus ar do mhuintir, i dtreo go mbeidh a fhios agat nach bhfuil mo leithéid eile ar domhan ar fad.

Cé a d'fhoilsigh é anallód, go mbeadh a fhios againn? fadó riamh, chun go ndéarfaí: “Tá sé ceart”? Ach ní raibh duine ar bith ann a d'fhoilsigh é, duine ar bith a d'fhógair é, duine ar bith a chuala focal uait.

Bhí sé ráite agam le Síón roimh ré: “Seo chugainn iad”; bhí teachtaire dea-scéala curtha agam chuig Iarúsailéim.

Na fáistiní túis, seo tagtha chun críche iad. Anois tá rudaí úra á bhfoilsiú agam; sula dtagann siad i ngeamhar, tá siad á bhfógairt agam.

Is sibhse mo chuidse finnéithe - briathar an Tiarna - agus mo ghiollaí atá tofa agam, ionas go mbeidh aithne agaibh orm agus go gcreidfidh sibh mé agus go dtuigfidh sibh gur mise é. Romhamsa níor dealbhaíodh aon dia, ná ní bheidh a leithéid ann arís i mo dhiaidh.

Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna: [Scológa] na hÉigipte agus [ceannaithe] Chúis, muintir Shaba na bhfear mór ard, tiocfaidh siad anall agus rachaidh siad i bpáirt leat; siúlfaidh siad i do dhiaidh agus slabhraí orthu. Sléachtfaidh siad i do láthair, agus guífidh siad thú, á rá: “Faratsa amháin atá Dia, agus níl a leithéid eile ann; níl dia eile ann ach é.”

Is ea, is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna, Cruthaitheoir na spéartha, arb é Dia é, arb é a dhealbhaigh an talamh agus a rinne é, a chuir bun faoi agus nár chruthaigh in anord é ach a rinne áit chónaithe de: “Is mise an Tiarna, níl m'athrach ann.

Cé leis a gcuirfidh sibh i gcomparáid agus i gcóimheas mé, cé leis a gcuirfidh sibh mé i gcomórtas agus i gcosúlacht?

Na rudaí a tharla, bhí siad foilsithe agam fadó, bhí siad imithe amach as mo bhéal agus fógraithe; leis sin rinne mé beart agus tháinig siad i gcrích.

Óir tá mé chun spéartha nua agus talamh nua a chruthú agus ní mheabhrófar feasta na rudaí a tharla, ná ní thabharfar chun cuimhne iad níos mó.

“Féach, cé mar a thagann an leon aníos as mothar na Iordáine chuig an féarach marthanach! Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad, agus cuirfidh mé ann mo rogha duine. Óir cé is cosúil liom? Cé a fhéadann mise a chiontú? Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m'éadan.

Féach, cé mar a thagann an leon aníos as mothar na Iordáine chuig an féarach marthanach! Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad, agus cuirfidh mé ann mo rogha duine. Óir cé is cosúil liom? Cé a fhéadann mise a chiontú? Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m'éadan.

Is mar seo a deir an Tiarna: “Seasaigí i mbealaí an tseansaoil cuirigí tuairisc na seanchasán cé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansin agus gheobhaidh sibh suaimhneas. Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’

Beidh a fhios agaibh go bhfuilimse i lár Iosrael. Is mise an Tiarna, bhur nDia, agus níl aon Dia eile ann ach mé. Ní náireofar mo phobalsa arís go deo.

Mar sin féin níl ann, i dtaca linne de, ach an t‑aon Dia amháin, an tAthair arb uaidh an uile ní agus arb ina chomhair atáimidne ann; agus níl ann ach an t‑aon Tiarna amháin, Íosa Críost, ar tríd a thagann an uile ní agus ar tríd atáimidne ann chomh maith.

Cuimhnigh ar na laethanta a bhí, agus machtnaigh ar na blianta ó ghlúin go glúin. Cuir ceist ar d'athair agus tabharfaidh sé fios duit agus ar do sheanóirí agus cuirfidh siad ar an eolas thú.

Níl aon neach mar Dhia, Isiriún; tagann sé i gcabhair ort ar mhuin na spéartha; agus ar mhuin na néalta ina mhórgacht.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí