Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 46:7

An Bíobla Naofa 1981

Tógann siad suas ar a nguaillí agus iompraíonn siad é, cuireann siad é san ionad ar dual dó seasamh ann. As an ionad ina bhfuil sé ní féidir leis bogadh. An té a ghlaonn air, ní thugann sé freagra dó, óna thrioblóid ní fhéadann sé a shábháil.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Ghlac siad an tarbh a tugadh dóibh agus d'ullmhaíodar é agus ó mhaidin go meán lae bhí siad ag glaoch ar ainm Bhál. “A Bhál,” a ghlaodar, “tabhair freagra orainn!” Ach ní raibh guth ná freagra le cloisteáil agus iad ag damhsa go bacach thart timpeall ar an altóir a bhí déanta acu.

Chuaigh an meán lae thart agus bhí siad ag radaireacht leo nó gur tháinig tráth ofrála na habhlainne, ach guth ná freagra ná aird ar bith níor tugadh orthu.

Dúirt Éilias: “Gabhaigí fáithe Bhál agus ná ligigí d'aon duine díobh éalú.” Ghabhadar iad agus thug Éilias síos go Gleann Chíseon iad agus bhásaigh ansiúd iad.

Lá amháin, agus é ag adhradh i dteampall Niosroc, an dia a bhí aige, tháinig a bheirt mhac, Adraimeilic agus Seaireizir, agus mharaigh siad é le claíomh agus d'imigh ar a seachnadh go tír Ararat. Rinneadh rí dá mhac Éasarchadón ina ionad.

Lorgann snoíodóir cliste adhmad crann pailme dó, adhmad nach lobhann, chun dealbh théagartha a chur suas.

Bhí mé ag breathnú uaim agus ní raibh aon duine ann, ní raibh ceann comhairle ar bith ina measc go bhféadfainn ceist a chur air agus a thabharfadh freagra dom.

Ní dada iad agus iad a chur le chéile; neamhní is ea a n‑oibreacha, níl ina gcuid íol ach gaoth agus baois.

Spreagann an ceardaí an gabha óir; gríosaíonn fear an chasúir ghreanta fear buailte na hinneona. Deir sé faoin phlátáil: “Tá sé déanta go maith.” Agus daingníonn le tairní é sa chaoi nach mbogfaidh sé.]

Saothraíonn an gabha os cionn na tine é, cumann sé lena chasúr é agus gaibhníonn é lena láimh láidir. Nuair a thagann ocras air, imíonn a neart uaidh; mura bhfuil uisce le hól aige, tagann laige air.

Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile, sibhse a mhair de na ciníocha! Níl eolas ar bith acu siúd a bhfuil a n‑íol adhmaid á iompar thart acu, ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhia nach bhfuil an slánú ar a chumas.

Tá Béil ar a ghlúine! Tá Neabó tar éis cúbadh chuige féin! Tá a n‑íola ar dhroim ainmhithe agus beithígh iompair, ina n‑ualach anuas ar bheithígh thraochta.

Sin agat anois do lucht draíochta, lenar chaith tú do dhua ó d'óige i leith! Imeoidh siad leo, gach aon acu ag dul roimhe, gan de chumas iontu tú a shábháil.

Is taibhsí préachán iad i ngarraí mealbhacán, agus balbh dá réir; is éigean a n‑iompar, ó tharla gan siúl acu. Ná bígí eaglach rompu: ní thig leo olc a dhéanamh ná fós, an mhaith!”

Imíodh bailte Iúdá agus áitritheoirí Iarúsailéim agus éimhidís ar na déithe dá loscann siad túis, ach ní cabhair iad siúd in aon chor dóibh in am a n‑anó.

Cá bhfuil na déithe sin leat a rinne tú duit féin? Éirídís siúd, má fhéadann siad do shábháil in am do bhuartha! Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe; ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí ag Bál.

Tháinig scanradh a n‑anama ar an bhfoireann agus d'impigh gach duine díobh os ard ar a dhia féin cabhrú leo; agus, chun an long a éadromú dóibh féin, theilg siad amach san fharraige a raibh ar bord. Idir an dá linn, áfach, bhí Ióna tar éis dul síos i mbroinn na loinge agus bhí sé ina luí ansin agus é ina shámhchodladh.

Tá a fhios agaibh fad a bhí sibh in bhur bpágánaigh go mbíodh sibh do bhur seoladh ar mearbhall i ndiaidh na n‑íol balbh.

D'éirigh muintir Aisdeod go luath lá arna mhárach [agus chuadar go teampall Dhágón]; ba shiúd Dágón béal faoi ar an urlár os comhair áirc an Tiarna. D'ardaíodar Dágón agus chuir siad ar ais ina áit é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí