Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna? Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachta le huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?
Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda
Shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch á rá: “Cé atá cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?”