Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile, sibhse a mhair de na ciníocha! Níl eolas ar bith acu siúd a bhfuil a n‑íol adhmaid á iompar thart acu, ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhia nach bhfuil an slánú ar a chumas.
“Éistigí liom, a theaghlach Iacóib, a iarmhair uile de theaghlach Iosrael! sibhse a bhí ar iompar agam ó saolaíodh sibh, a bhí mar chúram agam ó bhroinn na máthar i leith.
Éistigí leis seo, a theaghlach Iacóib, ar a dtugtar ainm Iosrael agus a tháinig ó fhréamh Iúdá; sibhse a mhionnaíonn dar ainm an Tiarna agus a tharraingíonn anuas Dia Iosrael gan dea-rún gan fíréantacht.
Óir, fíonghort Thiarna na slua, is é teaghlach Iosrael é, agus is iad muintir Iúdá an planda is rogha leis ann. Bhí sé ag dréim le riar ceart agus seo fuilbheart, le fíréantacht agus seo caoi léanmhar.
Caitear an ceart i leataobh agus seasann an fhíréantacht siar. Mar baineadh leagan as an iontaoibh ar fhaiche na cathrach, agus níl cead isteach ag an macántacht.
Tá an t‑ionracas in easnamh agus déantar slad ar fhear seachanta an oilc. Chonaic an Tiarna sin agus níor thaitin sé leis nach raibh ceart le fáil os a chomhair.
Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlan agus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha. Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga, dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.
Seo mar a deir an Tiarna: “Cén t‑easnamh a bhraith bhur n‑aithreacha ormsa a thug orthu mise a thréigean? Shiúladar ar lorg díomhaointis, agus rinneadh díomhaoin iad.
Cad chuige nach dtaispeánann tú dom ach an urchóid amháin? Cén fáth a mbíonn tú féin ag breathnú ar an ansmacht ar nós cuma liom? Déantar slad agus foréigean os mo chomhair agus is minic a bhíonn achrann agus aighneas ann.
“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.