Díth ná dochar ní dhéantar níos mó ar fud mo shléibhe bheannaithe go léir, óir tá an talamh lán le heolas ar an Tiama mar a líonann an fharraige leis an lán mara.
Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, sábháil sinn ar a neart, impím ort, agus bíodh fhios ag náisiúin uile an domhain gur tú amháin is Dia ann, a Thiarna!”
Is sibhse mo chuidse finnéithe - briathar an Tiarna - agus mo ghiollaí atá tofa agam, ionas go mbeidh aithne agaibh orm agus go gcreidfidh sibh mé agus go dtuigfidh sibh gur mise é. Romhamsa níor dealbhaíodh aon dia, ná ní bheidh a leithéid ann arís i mo dhiaidh.
Mar seo a labhraíonn an Tiarna, rí Iosrael, agus a fhuascailteoir, Tiarna na Slua: “Is mise an tús agus an deireadh; ach mise amháin, níl déithe ar bith eile ann.
Anois, éist leis seo, a chailín an mhacnais, atá i do shuí go te á rá leat féin i do chroí: “Mise, mé féin amháin! Ní bheidh mise i mo bhaintreach choíche, ná ní dual dom mo chlann a chailliúint.”
Cuirfidh mé lucht do bhrúite ag ithe a bhfeola féin, beidh siad ar meisce lena bhfuil féin mar a bheadh fíon úr ann. Agus beidh a fhios ag an uile fheoil gur mise an Tiarna do Shlánaitheoir, agus gurb é d'fhuascailteoir Tréanlaoch Iacóib.
Beidh urraim d'ainm an Tiarna aniar agus dá ghlóir ó éirí na gréine. Óir tiocfaidh sé mar a bheadh tuile á cúnglú idir dhá bhruach agus siorradh ón Tiarna á siabadh.
Beidh a fhios agaibh go bhfuilimse i lár Iosrael. Is mise an Tiarna, bhur nDia, agus níl aon Dia eile ann ach mé. Ní náireofar mo phobalsa arís go deo.
Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.