Go raibh na briathra seo de mo chuid, lena ndearna mé urnaí os comhair an Tiarna, i bhfianaise an Tiarna mo Dhia, de lá agus d'oíche, agus go seasa sé lena shearbhónta, agus go seasa sé lena phobal Iosrael de réir mar éileofar lá i ndiaidh lae;
“Mar seo a deir Cíoras rí na Peirse: ‘Thug an Tiarna, Dia neimhe, ríochtaí uile na cruinne dom, agus chuir sé de dhualgas orm Teampall a thógáil dó in Iarúsailéim, in Iúdá.
mar an uair seo seolfaidh mé mo phlánna go léir sa mhullach ort féin, agus ar do shearbhóntaí, agus ar do mhuintir, i dtreo go mbeidh a fhios agat nach bhfuil mo leithéid eile ar domhan ar fad.
Tá mé chun a ghléasadh i d'ionarsa, chun é a fheistiú le do shursaing, agus tugaim do chumhacht isteach ina láimh, agus beidh sé ina athair ag muintir Iarúsailéim, agus ag teaghlach Iúdá.
Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, sábháil sinn ar a neart, impím ort, agus bíodh fhios ag náisiúin uile an domhain gur tú amháin is Dia ann, a Thiarna!”
Is sibhse mo chuidse finnéithe - briathar an Tiarna - agus mo ghiollaí atá tofa agam, ionas go mbeidh aithne agaibh orm agus go gcreidfidh sibh mé agus go dtuigfidh sibh gur mise é. Romhamsa níor dealbhaíodh aon dia, ná ní bheidh a leithéid ann arís i mo dhiaidh.
Mar seo a labhraíonn an Tiarna, rí Iosrael, agus a fhuascailteoir, Tiarna na Slua: “Is mise an tús agus an deireadh; ach mise amháin, níl déithe ar bith eile ann.
Ná bíodh uamhan ná eagla oraibh: Nár thug mé le fios agus nár fhógair mé sin daoibh fadó? Tá sibh féin in bhur bhfinnéithe agam, an bhfuil Dia eile ann seachas mé féin? Níl aon Charraig eile ann; ní eol dom a leithéid!”
Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna lena ungthach, Cíoras, an té ar rug sé ar láimh dheis air chun na ciníocha a leagan ina fhianaise agus claíomhchrios na ríthe a scaoileadh ó chéile; chun na comhlaí a bhriseadh roimhe isteach ionas nach mbeidh na doirse dúnta níos mó.
Anois, éist leis seo, a chailín an mhacnais, atá i do shuí go te á rá leat féin i do chroí: “Mise, mé féin amháin! Ní bheidh mise i mo bhaintreach choíche, ná ní dual dom mo chlann a chailliúint.”
Neartóidh mé géaga rí na Bablóine agus cuirfidh mé mo chlaíomh ina láimh; ach brisfidh mé géaga Fhorainn agus beidh gach aon chnead as i láthair a namhad amhail duine a goineadh go marfach.
Beidh a fhios agaibh go bhfuilimse i lár Iosrael. Is mise an Tiarna, bhur nDia, agus níl aon Dia eile ann ach mé. Ní náireofar mo phobalsa arís go deo.
Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).