“Siúlfaidh mise romhat mé féin chun na cnapáin a dhéanamh cothrom. Déanfaidh mé smionagar de na comhlaí práis, gearrfaidh mé na barraí iarainn ó chéile.
Ar an gcnocán sceirdiúil cuirigí comhartha in airde, crochaigí suas an ghairm slua. Bagraígí lámh orthu i leith chun go dtaga siad go geataí na n‑uaisle.
Lig uaill sa gheata! Glaoigh ar chabhair sa chathair! Bíodh scéin ort, a Fhilistía go léir! Óir tá namhaid ag triall aduaidh ina dheatach agus fágálach ní bheidh ina chuid cathlán.
Ach treoróidh mé na daill ar an mbealach mór agus deánfaidh mé iad a chinnireacht ar bhóithre nach eol dóibh. Athróidh mé an dorchadas ina sholas rompu agus cosáin chama ina siúlóid réidh. Sin iad na gealltanais a chomhlíonfaidh mé, ní bheidh dul siar orthu.”
An duine seo, is mé a ghríosaigh chun bua é, tá an bealach réitithe agam roimhe. Déanfaidh sé mo chathair a atógáil agus mo dheoraithe a scaoileadh saor abhaile gan éiric gan airgead fuascailte,” a deir Tiarna na Slua.
“Imigh leat go Hanainiá agus abair seo leis: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Tig leat cuingeacha maide a bhriseadh? Más ea, déanfaidh mise cuingeacha iarainn dóibh ina n‑áit.
Scoir saighdiúirí na Bablóine den troid; tá siad ag fanacht ina ndaingin d'fheall a neart orthu; tá siad amhail mná anois. Tá a tithe cónaithe trí thine, a geataí briste ó chéile.
Is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Leagfar go talamh ballaí leathana na Bablóine, agus loiscfear le tine a geataí arda. Is saothar in aisce mar sin saothar na gciníocha is í an tine is deireadh do thiaráil na náisiún.”