Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 45:14

An Bíobla Naofa 1981

Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna: [Scológa] na hÉigipte agus [ceannaithe] Chúis, muintir Shaba na bhfear mór ard, tiocfaidh siad anall agus rachaidh siad i bpáirt leat; siúlfaidh siad i do dhiaidh agus slabhraí orthu. Sléachtfaidh siad i do láthair, agus guífidh siad thú, á rá: “Faratsa amháin atá Dia, agus níl a leithéid eile ann; níl dia eile ann ach é.”

Féach an chaibidil Cóip

41 Tagairtí Cros  

Go ndéana náisiúin seirbhís duit agus go sléachta ciníocha go talamh duit! Bí i gceannas ar do bhráithre; go sléachta mic do mháthar go talamh duit! Go raibh mallacht ar gach duine a chuirfidh mallacht ort; go raibh beannacht ar gach duine a chuirfidh beannacht ort!”

Agus bhí cath eile ag Gat mar a raibh fear mór groí a raibh sé mhéar ar gach láimh leis agus sé mhear ar gach cois, ceithre mhéar fichead ar fad. Ba de shliocht Ráfá eisean chomh maith.

agus rinne na Saibéanaigh ruathar orthu gur sciobadar leo iad, agus mharaíodar na seirbhísigh le faobhar claímh; agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.”

Luífidh tú síos, gan eagla aon duine ort, Ach a lán ar thóir do ghnaoi.

Bíodh mórmholtaí Dé ina mbéal acu; agus claíomh an dá fhaobhar ina láimh.

D'fhonn a ríthe a cheangal i gcuibhreacha, agus a n‑uaisle i ngeimhleacha iarainn,

Ansin tiocfaidh na searbhóntaí seo go léir agat ag triall orm agus sléachtfaidh siad dom á rá: ‘Amach leat, agus leis an bpobal go léir a leanann thú!’ Ansin imeoidh mé amach.” Agus ghabh Maois amach ó láthair Fhorainn agus é ar lasadh le fearg.

Féach, seo an Tiarna Dia na Slua ag teascadh na ngéag lá huafás. Tá barra na gcrann á ngearradh, agus na bilí is bródúla á leagan.

Chugatsa atáim, a thír na sciathán seabhránach, ar an taobh thall d'aibhneacha Chúis,

Ag an am sin tabharfar bronntanais chuig Tiarna na Slua ó chine na scafairí griandaite, ón náisiun a raibh eagla rompu riamh anall, ón gcine cumhachtach caithréimeach sa tír a shileann na haibhneacha; tabharfar iad chuig an áit ina lonnaíonn ainm Thiarna na Slua, ar shliabh Shíón.

Agus cuirfidh an Tiarna é féin in aithne do na hÉigiptigh agus admhóidh siad é agus déanfaidh umhlóid dó le híobairtí agus le hofrálacha. Déanfaidh siad móideanna don Tiarna agus comhlíonfaidh iad.

Ansin, má bhuail an Tiarna na hÉigiptigh go crua féin, leigheasfaidh sé iad. Iompóidh siad i leith an Tiarna agus tabharfaidh sé toradh ar a nguí agus leigheasfaidh iad.

Ach déanfar a sochar agus a tuarastal a thiomnú don Tiarna; ní chruinneofar ná ní chuirfear i dtaisce iad. Is dóibh siúd a chaitheann a saol os comhair an Tiarna a rachaidh a sochar, chun go mbeidh a sáith le hithe acu agus éadach galánta.

Óir is mise an Tiarna, do Dhia, Neach Naofa Iosrael, d'fhuascailteoir. Tugaim an Éigipt uaim mar luach d'fhuascailte, Cúis agus Saba mar éiric ionat.

Ná bíodh uamhan ná eagla oraibh: Nár thug mé le fios agus nár fhógair mé sin daoibh fadó? Tá sibh féin in bhur bhfinnéithe agam, an bhfuil Dia eile ann seachas mé féin? Níl aon Charraig eile ann; ní eol dom a leithéid!”

Tríd an Tiarna amháin, a déarfaidh daoine, a thagann bua agus neart! Chuigesean a thiocfaidh siad agus náire orthu, iad siúd uile a thug a dhúshlán.

Beidh ríthe ina n‑aithreacha altrama agat agus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche. Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamh agus lífidh siad an dusta de do chosa. Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna; an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.

Óir réabfaidh tú amach as do chríocha ar dheis agus ar chlé. Cuirfidh do shliocht na ciníocha as a seilbh, agus déanfaidh áitreabh dóibh féin as cathracha tréigthe.

Seo, glaofaidh tú ar chiníocha nárbh aithin duit agus tiocfaidh ciníocha gan aithne ort chugat ina rith. Toisc an Tiarna, do Dhia, agus Neach Naofa Iosrael, ós é a chuir maise ort.

Tá na náisiúin ag triall ar do sholas agus a ríthe ar ghile do mhaidneachain.

Beidh cáil ar a sliocht os comhair na gciníocha agus ar shliocht a sleachta i measc na náisiún. Admhóidh gach aon dá bhfeiceann iad gur cine iad atá beannaithe ag an Tiarna.

Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean, mo chúl dídine i lá na hainnise! Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talún agus déarfaidh siad: “Níor ghabh ár n‑aithreacha d'oidhreacht ach bréaga, díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.

Bhí ragairne an chomhluadair léi le cloisteáil os ard mar gheall ar an daoscar a tugadh isteach ón fhásach; chuir siad braisléid ar chaolta láimhe na mban agus corónacha breátha ar a gcinn.

Le céadras sa Liobáin gan amhras, le géaga breátha, beangáin dhlútha agus stoc ard, a bharr i measc na néalta.

Ansin chromadar ar thromaíocht le clann Iosrael ar an tír a bhí braite acu: “An tír a ndeachamar ag taiscéaladh air, is tír é a alpann lucht a áitrithe. Bhí toirt ainspianta i ngach fear dá bhfacamar ann.

Nochtfar rúin a chroí agus caithfidh sé é féin ar a bhéal ag déanamh ómóis do Dhia agus ag fógairt go bhfuil Dia in bhur measc dáiríre.

Tá na daoine féin ag cur síos ar an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus mar a chas sibh ar Dhia ó na déithe bréige chun dul ag seirbhís don fhíorDhia beo

Féach! tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí