Déarfaidh an duine seo: ‘Is leis an Tiarna mé’, tabharfaidh duine eile ainm Iacóib air féin. Scríobhfaidh duine eile ar a láimh ‘An Tiarna’, agus sloinnfidh é féin ó Iosrael.”
“Seo mar a deir Cíoras rí na Peirse: ‘An Tiarna, Dia neimhe, thug sé ríochtaí uile an domhain dom agus chuir sé do chúram orm teach a thógáil dó in Iarúsailéim in Iúdá. Duine ar bith dá phobal atá in bhur measc, go raibh an Tiarna a Dhia leis! Téadh sé suas!’ ”
Beidh sé mar a bheadh marc ar do láimh, nó mar chuimhneachán ar chlár d'éadain i dtreo go mbeidh dlí an Tiarna ar do bheola de shíor; óir is le láimh láidir a thug an Tiarna thú as an Éigipt amach.
is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh: “Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna go teach Dhia Iacóib, chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí.” Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.
Iarrfaidh siad an tslí go Síón; beidh a n‑aighthe sa treo sin: ‘Tagaigí,’ ar siad, ‘ceanglaímis sinn féin don Tiarna i gconradh síothbhuan nach ligfear i ndearmad go brách!’
Is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh: “Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna, go teach Dhia Iacóib, chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí. Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.”
Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m'ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’; agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”
Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.