A Iacóib, cuimhnigh ar an méid seo, cuimhnigh gur tusa mo ghiolla, a Iosrael. Is mé a dhealbhaigh thú i do ghiolla dom; a Iosrael, ní ligfidh mé chun dearmaid thú.
Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad; tagann mná agus lasann siad an tine leo. Óir is pobal é seo atá gan tuiscint, mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh; an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh.
Anois, seo mar a deir an Tiarna, do Chruthaitheoirse, a Iacóib, agus fear do dhealfa, a Iosrael: “Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; ghlaoigh mé ort i d'ainm, agus is liomsa thú.
Cuirfidh mé mar shíol iad i measc na náisiún; ach cuimhneoidh siad orm i dtíortha atá i bhfad i gcéin. Tógfaidh siad a gclann iontu agus fillfidh siadsan ar ais.
Seachnaígí dá bhrí sin agus ná déanaigí dearmad ar an gconradh a rinne an Tiarna bhur nDia libh, agus íomhá ghreanta a dhéanamh i gcosúlacht aon ní dár choisc an Tiarna bhur nDia oraibh.
“Bí aireach i mbeart, agus bí san airdeall. Ná déan dearmad ar na nithe a chonaic do shúile cinn agus ná lig dóibh sleamhnú as do chroí aon lá de do shaol; múin do do shliocht iad agus do shliocht do shleachta.