Lena bhfuil fágtha déanann sé dia dó féin, íol a sléachtann sé agus a síneann sé é féin béal faoi os a chomhair, ag guí chuige agus á rá: “Saor mé, óir is tú mo dhia.”
Ghlac siad an tarbh a tugadh dóibh agus d'ullmhaíodar é agus ó mhaidin go meán lae bhí siad ag glaoch ar ainm Bhál. “A Bhál,” a ghlaodar, “tabhair freagra orainn!” Ach ní raibh guth ná freagra le cloisteáil agus iad ag damhsa go bacach thart timpeall ar an altóir a bhí déanta acu.
Lá amháin, agus é ag adhradh i dteampall Niosroc, an dia a bhí aige, tháinig a bheirt mhac, Adraimeilic agus Seaireizir, agus mharaigh siad é le claíomh agus d'imigh ar a seachnadh go tír Ararat. Rinneadh rí dá mhac Éasarchadón ina ionad.
Dar le daoine ansin nach bhfuil ann ach ábhar tine. Tógann siad cuid de le hiad féin a théamh. Dóitear cuid de le harán a dhéanamh. Ach an duine seo, dealbhaíonn sé dia as agus caitheann é féin ar a bhéal faoi os a chomhair.
Leath amháin de, adaíonn sé tine leis, róstann feoil air agus itheann a dhóthain. Déanann sé a ghoradh féin chomh maith á rá: “Á, tá mé do mo ghoradh féin agus ag breathnú isteach sa tine.”
Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile, sibhse a mhair de na ciníocha! Níl eolas ar bith acu siúd a bhfuil a n‑íol adhmaid á iompar thart acu, ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhia nach bhfuil an slánú ar a chumas.
Tá dream ann a dhoirteann ór go fial as a sparán agus meánn siad airgead ar an ainsiléad. Fostaíonn siad orcheard chun dia a dhéanamh dóibh sléachtann siad síos agus tugann adhradh dó!
a deir le smután adhmaid: ‘Is tú m'athair,’ le cloch: ‘Is tú a thug ar an saol mé.’ Iompaíonn siad a ndroim liomsa agus ní hé a n‑aighthe; ach in am a mbuartha béiceann siad: ‘Éirigh agus sábháil sinn.’
Peacaíonn siad anois níos mó ná riamh; déanann siad dealbha teilgthe dóibh féin, íola a mhúnlaítear go cliste as a gcuid airgid, ach nach bhfuil iontu uile ach déantús ceardaithe. “Ofrálaigí íobairtí dóibh seo,” deir siad; agus pógtar laonna!
Is mairg don fhear a deir le smután adhmaid: “Múscail thú féin”; agus leis an gcloch bhalbh: “Éirigh.” An féidir le rud mar sin oracal a thabhairt uaidh? Féach, tá sé clúdaithe le hór agus le hairgead ach níl puth anála ann.
Is é baol atá ann nach ea amháin go dtarraingeofar míchlú ar an ngnó seo againne ach go ndéanfar beagní de theampall an bhandé mhóir Airtimis agus go gcaillfidh Airtimis féin a gradam - bandia a bhfuil urraim á tabhairt di ar fud na hÁise agus ar fud an domhain mhóir.”