Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 44:14

An Bíobla Naofa 1981

Bhí sé tar éis céadras a ghearradh, nó cufróg nó dair a roghnú i measc crainn na foraoise, nó b'fhéidir gur céadras a chuir sé agus gur chuir an fhearthainn ag fás é.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Lorgann snoíodóir cliste adhmad crann pailme dó, adhmad nach lobhann, chun dealbh théagartha a chur suas.

Tógann an saor adhmaid an tomhas, dearann sé an íomhá lena chailc, snoíonn sé í le siséal agus leanann sé an dearadh le compás. Cuireann sé crot agus ceannaithe duine dhaonna uirthi chun go dté sí a chónaí i dteampall.

Dar le daoine ansin nach bhfuil ann ach ábhar tine. Tógann siad cuid de le hiad féin a théamh. Dóitear cuid de le harán a dhéanamh. Ach an duine seo, dealbhaíonn sé dia as agus caitheann é féin ar a bhéal faoi os a chomhair.

Iarrann siad comhairle ar a smut adhmaid, agus is é an cuaille acu a thugann faisnéis dóibh; go deimhin, is dúil sa striapachas a chuireann ar seachrán iad, agus is de dheasca striapachais a d'éirigh siad as bheith faoina nDia féin.

Is mairg don fhear a deir le smután adhmaid: “Múscail thú féin”; agus leis an gcloch bhalbh: “Éirigh.” An féidir le rud mar sin oracal a thabhairt uaidh? Féach, tá sé clúdaithe le hór agus le hairgead ach níl puth anála ann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí