Rinne an rí a mhachnamh air seo dá réir sin, agus ansin rinne sé dhá lao óir. Dúirt sé leis an bpobal: “Tá sibh fada go leor ag dul suas go Iarúsailéim; seo agaibh bhur ndéithe, a Iosrael; is iad seo a thug aníos sibh as tír na hÉigipte.”
Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile, sibhse a mhair de na ciníocha! Níl eolas ar bith acu siúd a bhfuil a n‑íol adhmaid á iompar thart acu, ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhia nach bhfuil an slánú ar a chumas.
Is taibhsí préachán iad i ngarraí mealbhacán, agus balbh dá réir; is éigean a n‑iompar, ó tharla gan siúl acu. Ná bígí eaglach rompu: ní thig leo olc a dhéanamh ná fós, an mhaith!”
Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean, mo chúl dídine i lá na hainnise! Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talún agus déarfaidh siad: “Níor ghabh ár n‑aithreacha d'oidhreacht ach bréaga, díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.
Cén tairbhe é íomhá ghreanta le go ndealbhódh a déantóír í chor ar bith? nó dealbh teilgthe, oracal bréagach, le go gcuirfeadh a déantóir a mhuinín inti agus gan ach dealbha balbha á ndéanamh aige?
Tá sé le feiceáil agus le cloisteáil agaibh féin, áfach, go bhfuil slua mór daoine iompaithe uainn lena chuid áitimh ag an bPól seo - agus ní in Eifeasas amháin é ach beagnach ar fud na hÁise ar fad - mar go mbíonn sé á rá nach déithe ar chor ar bith na déithe a dhéantar le lámha daonna.