Íseáia 43:3An Bíobla Naofa 1981Óir is mise an Tiarna, do Dhia, Neach Naofa Iosrael, d'fhuascailteoir. Tugaim an Éigipt uaim mar luach d'fhuascailte, Cúis agus Saba mar éiric ionat. Féach an chaibidil |
Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna: [Scológa] na hÉigipte agus [ceannaithe] Chúis, muintir Shaba na bhfear mór ard, tiocfaidh siad anall agus rachaidh siad i bpáirt leat; siúlfaidh siad i do dhiaidh agus slabhraí orthu. Sléachtfaidh siad i do láthair, agus guífidh siad thú, á rá: “Faratsa amháin atá Dia, agus níl a leithéid eile ann; níl dia eile ann ach é.”