Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 42:5

An Bíobla Naofa 1981

Is amhlaidh a deir an Tiarna Dia, an té a chruthaigh na spéartha agus a spréigh amach iad, a phasáil amach an talamh agus a thug toradh ann, a chuir anáil sna daoine atá ina gcónaí air agus meanma sa dream a shiúlann é:

Féach an chaibidil Cóip

36 Tagairtí Cros  

I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh.

Ansin chum an Tiarna Dia an duine de chré na talún agus shéid anáil na beatha ina pholláirí; ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine.

Tá anam gach dúile beo ina ghlaic, Agus anáil anama an chine dhaonna.

Fad tá an dé ionam, Agus spiorad Dé i mo pholláirí,

Spiorad Dé a rinne mé, Agus sé a anáil a chuir anam ionam.

Dá dtarraingeodh sé a spiorad ar ais chuige féin, Agus a anáil a bhailiú chuige féin,

Rinne sé an talamh a leathadh ar na huiscí, óir maireann a bhuanghrá go brách.

Lena bhriathar a rinneadh na flaithis: le hanáil a bhéil na realtaí go léir.

Ní dada iad déithe na gciníocha; ach is é an Tiarna a rinne na flaithis.

“A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá anseo i do shuí ríoga ar na ceiribíní, is tusa aon Dia ríochtaí an domhain ar fad, is tusa a rinne neamh agus talamh.

Cé a thomhais i gcroí a bhoise uiscí na farraige agus a leag amach na spéartha lena réise? a chruinnigh cré na talún i miosúr, a rinne na sléibhte a mheá sna scálaí agus na cnocáin in ainsiléad?

Tá cónaí air in airde os cionn roth na cruinne, agus a muintir sin ar nós dreoiliní teaspaigh. Leath sé amach na spéartha mar a bheadh brat iontu, spréigh sé amach iad ar nós both chónaithe.

Tógaigí bhur súile in airde ansin agus breathnaígí: Cé a chruthaigh na réanna úd murarb é an té a scarann amach in eagar slua iad agus a ghlaonn orthu go léir ina n‑ainm? Tá a chumhacht chomh mór sin agus a neart chomh láidir nach bhfuil aon cheann acu a loiceann air.

An ea nach bhfuil fhios agat? An ea nach eol duit é? Dia síoraí is ea an Tiarna, is é a chruthaigh críocha na talún. Ní thagann tuirse air ná traochadh agus níl léamh ar a eagna.

Is amhlaidh a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, an té a dhealbhaigh thú ón mbroinn i leith: Is mise, an Tiarna, a rinne an uile rud, a spréigh na spéartha amach ar mo chonlán féin. Chuir mé bun faoin talamh, agus cé bhí ag cuidiú liom?

Is mise a rinne an talamh, is mé a chruthaigh an duine atá ina chónaí air. Mise le mo lámha féin a spréigh amach na spéartha agus tá ceannas agam ar a slua go léir.

Is ea, is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna, Cruthaitheoir na spéartha, arb é Dia é, arb é a dhealbhaigh an talamh agus a rinne é, a chuir bun faoi agus nár chruthaigh in anord é ach a rinne áit chónaithe de: “Is mise an Tiarna, níl m'athrach ann.

Mo lámh is í a bhunaigh an talamh, mo dheaslámh a scar amach na spéartha. Ach mé a ghlaoch orthu, éiríonn siad aniar chugam in éineacht.

Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí, agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh; mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féin agus gach dúil bheo dá ndearna mé.

Is é a rinne an talamh lena chumhacht, is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna, agus a spréigh amach na spéartha lena ghrinneas.

Le mo mhórchumhacht agus le mo láimh sínte amach rinne mé an talamh, an duine agus na hainmhithe ar talamh. Agus féadaim é a thabhairt don té is maith liom.

‘Á, a Thiarna Dia, is tú a chruthaigh neamh agus talamh le do chumhacht mhór agus le do láimh sínte amach. Níl aon rud dodhéanta duitse.

Ansin mhionnaigh Zidicíá an rí mar seo faoi rún do Irimia: “Mar a mhaireann an Tiarna, a thug an t‑anam seo dúinn, ní chuirfidh mé chun báis thú, ná ní thabharfaidh mé thú i láimh na bhfear seo a iarrann do bhás.”

Féach, is liomsa an uile bheo, is liom anam an athar agus anam an mhic. An duine a pheacaíonn, eisean a éagfaidh.

Ardaíonn sé a staighre suas chun na bhflaitheas, agus leagann a stua ar an talamh. Glaonn sé ar uiscí na farraige agus doirteann sé amach iad ar dhromchla na talún. Is é an Tiarna a ainm.

Oracal. Briathar an Tiarna i dtaobh Iosrael. Is é seo a deir an Tiarna, an té a shín amach na flaithis agus a leag bunsraith na cruinne agus a chruthaigh spiorad an duine istigh ann:

An Dia a rinne an domhan agus a bhfuil ann, is é Tiarna neimhe agus talún é agus ní i dteampaill lámhdhéanta atá cónaí air.

Ná níl aon ghá aige le freastal daoine faoi mar go mbeadh rud ar bith de dhíth air, mar is é féin a bhronn anam agus anáil agus uile ar chách.

ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí