Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 42:24

An Bíobla Naofa 1981

Cé thug Iacób ar láimh don chreachadóir agus Iosrael do lucht a scriosta? Nárbh é an Tiarna é? Ó rinne muid peaca ina aghaidh agus nár mhian linn a bhealaí siúd a leanúint, ná éisteacht lena reacht.

Féach an chaibidil Cóip

29 Tagairtí Cros  

Smiotadh iad; rinne náisiún náisiún a threascairt, agus cathair cathair eile, mar rinne Dia iad a chiapadh le gach sort anó.

Thug sé rí na gCaildéach ina gcoinne dá bhrí sin agus chuir siadsan a laochra óga chun báis le faobhar claímh i dteach a sanctóra, gan trua gan taise ar ógánach ná ar mhaighdean, ar sheanóir ná ar sheanduine cromtha. Thug Dia iad go léir ar láimh dó.

Ach ní éistfeadh mo phobal le mo ghlór; níorbh áil le hIosrael bheith umhal dom.

Thug mé suas iad do mhianta a gcroí; chun cibé ní ab áil leo a dhéanamh.

Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia, Neach Naofa Iosrael: San iompú croí agus sa chiúnas a bhí an slánú i ndán daoibh, sa suaimhneas agus sa mhuinín a bhí bhur neart, ach níorbh áil libh.”

An bhfuil aon duine in bhur measc ag éisteacht? Aon duine a chuirfidh cluas air le haghaidh an am atá ag teacht?

cumaim an solas agus cruthaím an dorchadas. Tugaim an sonas ann agus spreagaim an donas, is mise an Tiarna a dhéanann é ar fad.

Bhí colg orm chuig mo mhuintir, agus d'fhág mé smál ar m'oidhreacht. Lig mé isteach i do lámhasa iad, ach ní dhearna tú trua dá laghad díobh. Ar an seanduine bhuail tú anuas do chuing go róthrom.

Och, dá mba gur thug tú aire do m'aitheanta! Ar nós abhann is ea a bheadh do shonas agus an rath ba dhual duit ar nós tonnta na farraige!

Coiriúlacht agus bradaíl Iosrael a chuir fearg orm seal; cheil mé mo ghnúis air agus bhuail mé le teann feirge. D'imigh sé leis fiáin sna bealaí a b'áil lena chroí;

Ach d'éirigh siad amach ina choinne agus chuir brón ar a spiorad naofa. Is leis sin a d'iompaigh sé ina namhaid dóibh agus chuir sé cogadh orthu é féin.

Go dtí inniu féin níl uamhan ná aiféala orthu; níor shiúil siad i mo dhlíse ná sna reachta a chuir mé romhaibh, mar a chuir mé roimh bhur sinsir.’

Tabharfaidh mé anois oraibh uile, cine ón imigéin a theach Iosrael - is é an Tiarna a labhraíonn - is náisiún dochloíte é, náisiún seanda, náisiún nach aithnid duitse a theanga, ní thuigeann tú focal a deir siad.

Tá mo chionta ceangailte ina gcuing; fíodh le chéile iad ina lámhasan agus ardaíodh iad ar mo mhuineál; eisean ba chúis le lagú mo nirt; thug an Tiarna ar láimh dóibh mé sa chaoi nach dtig liom fanacht i mo sheasamh.

Is cothrom cóir é an Tiarna; ach bhí mise easumhal dá ordú; éistigí, mar sin, a chiníocha uile, agus breathnaígí ar m'ainnise; tá mo mhaighdeana agus m'ógánaigh imithe uaim i mbraighdeanas.

An séideann trumpa sa chathair gan eagla a theacht ar an bpobal? An mbuaileann tubaiste an chathair nach é an Tiarna is cúis leis?

Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.

Seolfaidh an Tiarna náisiún i do aghaidh ón imigéin, ó imill na cruinne, é mear mar iolar ag eitilt; náisiún é nach dtuigeann tú fiú a theanga;

Conas a d'fhéadfadh duine an teitheadh a chur ar mhíle agus beirt ar dheich míle, murar dhíol a gCarraig iad agus gur thug an Tiarna ar láimh iad?

Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus thug sé ar láimh iad do na Filistínigh agus do na hAmónaigh,

bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael; thug sé suas do lucht creiche iad agus rinne siadsan iad a chreachadh. Rinne sé iad a reic lena naimhde ina dtimpeall, agus níorbh fhéidir leo an fód a sheasamh ina n‑aghaidh.

Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael, agus thug sé ar láimh iad do Chúisean Riseátaím, rí Eadóm. Bhí pobal Iosrael faoi dhaoirse ag Chúisean Riseátaím ar feadh ocht mbliana.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí