Ghlac seisean an t‑ór óna lámha, agus, le cabhair múnla, leáigh sé é agus theilg sé dealbh lao. “Seo é do dhia, a Iosrael,” ar siad de liú, “a thug thú amach as tír na hÉigipte!”
Is luath atá siad imithe i leataobh ón mbealach a d'ordaigh mé dóibh; rinneadar lao de mhiotal leáite dóibh féin agus d'adhradar é agus rinneadar íobairt dó, agus liúdar: ‘Seo é do dhia, a Iosrael, a thug thú amach as tír na hÉigipte.’ ”
Sea, beidh náire oraibh de bharr na gcrann teiribinte a bhfuil bhur sólás iontu, agus beidh ceann faoi oraibh de bharr na ngairdíní a chuireann cluain oraibh.
Is amhlaidh a bheidh náire ar fhíréin na deilbhe sin agus ceann faoi ar lucht a déanta. Bailíodh siad le chéile agus seasadh siad amach. Beidh idir uamhan agus náire orthu le chéile.
Lena bhfuil fágtha déanann sé dia dó féin, íol a sléachtann sé agus a síneann sé é féin béal faoi os a chomhair, ag guí chuige agus á rá: “Saor mé, óir is tú mo dhia.”
Lucht déanta íol iad go léir is neamhní iad agus níl aon sochar sna rudaí seo ar a bhfuil a ngnaoi. Níl radharc ná tuiscint ag a lucht freastail agus dá bharr sin beidh siad náirithe go deo.
Dá bharr sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Beidh mo sheirbhísigh ag ithe, ach beidh ocras oraibhse; beidh mo sheirbhísigh ag ól, agus beidh tart oraibhse; beidh lúcháir ar mo sheirbhísigh, ach náire a bheidh oraibhse.
Céard a fheicim? Tá siad scanraithe agus ag filleadh ar a gcúl! Na daoine is fearr orthu buailte siar, iad ag teitheadh i ndiaidh a gcinn, gan dearcadh siar, eagla ó gach taobh! - an Tiarna a labhraíonn.