Ardaíodh an fásach agus a chathracha a nglór, agus na campaí mar a gcónaíonn clann Chéadar! Tógadh muintir Charraig Sheala liú agus gártha ar mhullach na mbeann!
agus dúirt an Tiarna léi: “Tá dhá náisiún i do bhroinn; Cinfidh dhá chine naimhdeacha uait; Beidh náisiún díobh ina mháistir ar an gceann eile, Agus déanfaidh an sinsear freastal ar an sóisear.”
Déanadh an díthreabh agus tír an triomaigh lúcháir, bíodh gairdeas ar an ngaineamhlach agus é faoi bhláth; tagadh bláthanna air chomh tiubh leis an gcróch, déanadh sé gairdeas le gártha agus le ceol.
beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir. Óir brúchtfaidh uisce aníos san fhásach agus srutháin i bhfearann an triomaigh;
Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam, tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é? Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásach agus cosáin san uaigneas.
Nach álainn ar na sléibhte cosa an té a bhfuil dea-scéala leis, síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige, fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón: “Tá do Dhia tar éis teacht i réim.”
Tréada uile Chéadar, cruinneoidh siad le chéile duit; beidh reithí Nabáiót ag riar ar do ghá. Rachaidh siad suas agus beidh glacadh leo air m'altóir, cuirfear maise le maise mo Theampaill.
Is libhse a dhéanaim achrann, libhse a d'imigh chun cónaithe ag Carraig an Réitigh - an Tiarna a labhraíonn - libhse a deir: Cé bhéarfadh fogha fúinne agus a dhéanfadh a bhealach isteach inár ndaingean?
Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d'airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.
Chuir uaill do chroí ar seachrán thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a bhfuil [na hardáin] mar áit lonnaithe agat, a deir i do chroí: ‘Cé a thabharfaidh síos chun talún mé?’