Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 41:5

An Bíobla Naofa 1981

Feiceann insí na farraige é agus gabhann eagla iad, tá an talamh ar crith ó cheann ceann; tá siad ag tarraingt orainn, tá siad i láthair.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Uathusan a leath na daoine amach ar oileáin na nginte. [Sin iad clann mhac Iáfat] de réir a dtíortha, agus a dteangacha faoi leith, de réir a dtreibheanna agus a gciníocha.

Maolaíonn tú fothram na farraige agus torann na dtonnta agus gleo na gciníocha.

Lucht cónaithe chríocha na cruinne, is eagal leo d'éachtaí. Cuireann tú áthas ar imill imchiana an Oirthir is an Iarthair.

Abraigí le Dia: “Nach éachtach iad d'oibreacha! Tá de mhéid do nirt, a Thiarna, go mbíonn do naimhde ag lútáil i do láthair.

Thug an talamh a thoradh uaidh go flúirseach; agus chuir Dia, ár nDia, a bheannacht orainn.

Ar a chlos seo dóibh, tháinig ballchrith ar na ciníocha; chuaigh áithritheoirí na Filistíne i gceas naíon.

Bígí in bhur dtost i mo láthair, a insí na farraige, déanadh na ciníocha a neart a athnuachan; tagadh siad chun tosaigh agus labhraíodh siad. Tagaimis le chéile i láthair an bhreithiúnais, mise agus iad.

[Cuidíonn duine lena chomharsa, agus deir lena bhráthair: “Misneach!”

Anois critheann na hinsí lá do thurnaimh; is cúis imní d'imeacht ag insí na farraige.’

Óir chualamar conas mar a thriomaigh an Tiarna uiscí Mhuir na nGiolcach romhaibh nuair a tháinig sibh as an Éigipt amach, agus cad a rinne sibh le beirt rí na nAmórach thar Iordáin thall, Síochon agus Óg; scrios sibh iad faoin mbang.

Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí