Suas leat ar shliabh ard, a challaire an dea-scéala chuig Síón. Ardaigh do ghlór go láidir, a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim. Ardaigh do ghlór gan eagla, abair le bailte Iúdá: “Seo é bhur nDia.”
Is sibhse mo chuidse finnéithe - briathar an Tiarna - agus mo ghiollaí atá tofa agam, ionas go mbeidh aithne agaibh orm agus go gcreidfidh sibh mé agus go dtuigfidh sibh gur mise é. Romhamsa níor dealbhaíodh aon dia, ná ní bheidh a leithéid ann arís i mo dhiaidh.
Is mise a deir i dtaobh Chíorais: “Is é mo thréadaí é! déanfaidh sé mar is rún liom,” ag rá i dtaobh Iarúsailéim: “Tógtar suas arís í.” Agus i dtaobh an Teampaill: “Cuirtear ar bun é as an nua!”
Mar seo a labhraíonn an Tiarna, rí Iosrael, agus a fhuascailteoir, Tiarna na Slua: “Is mise an tús agus an deireadh; ach mise amháin, níl déithe ar bith eile ann.
Nach álainn ar na sléibhte cosa an té a bhfuil dea-scéala leis, síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige, fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón: “Tá do Dhia tar éis teacht i réim.”