Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 41:15

An Bíobla Naofa 1981

Seo, tá mé chun cliath buailte a dhéanamh díot, é úrnua agus dhá chíor fiacal ann. Buailfidh tú agus meilfidh tú na sléibhte, déanfaidh tú lóchán mín de na cnoic.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Scairt siad - ní raibh fear a dtarrthála ann: bhí sé fuar acu glaoch ar an Tiarna.

Bagraíonn sé orthu, scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach, á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda, mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.

A phobal liom atá do do bhualadh i do choirce ar an láithreán buailte, an ní a chuala mé ó Thiarna na Slua, ó Dhia Iosrael, is é atá á fhógairt agam duit.

Agus ar ndóigh, ní bhuailtear an lus mín le carr sleamhnáin, ná coimín le roth cairte; ach buailtear an lus mín le slat agus coimín le súiste.

Ar nós deannach mín a bheidh slua do naimhde ansin agus mar lóchán á shiabadh le gaoth an slua danartha. Agus go tobann, gan choinne,

Tá mé ag dul sléibhte agus cnocáin a chríonadh agus a nduilliúr ar fad a sheargadh; déanfaidh mé locháin dá n‑aibhneacha agus triomóidh mé a linnte go léir.

Och, dá roisfeá na flaithis ó chéile agus teacht anuas, ag cur na sléibhte ar crith os do chomhair,

“Ba thú mo thua catha, mo arm cogaidh. Is leatsa a threascair mé na náisiúin, a leag mé na ríochtaí.

Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cosúil iníon na Bablóine le hurlár buailte nuair a bhítear ag pasáil air; tamall beag, agus [luífidh an gráinne] a baineadh ansin.”

Ar son na sléibhte tógaigí suas golgháire agus gubha, agus ar son féarach an fhásaigh, caoineadh; óir bánaíodh iad; ní ghabhann aon duine ann, ní chluintear níos mó géimneach na dtréad. Éanlaith an aeir agus na beithígh, theith siad araon, níl siad ann.

Bánóidh agus léirscriosfaidh mé an tír, agus coiscfidh mé a cumhacht mórchúiseach. Beidh sléibhte Iosrael chomh bánaithe sin nach rachaidh aon duine tríothu arís.

Éirigh, a iníon Shíón, agus déan an bualadh. Tabharfaidh mé adharca iarainn agus crúba cré-umha duit chun go mbascfaidh tú mórán ciníocha agus go gcoisricfidh tú a gcreach don Tiarna agus a saibhreas do Thiarna an domhain go léir.

Ardóidh tú do lámha ín aghaidh d'eascairde agus díothófar do naimhde go léir.

Réabann tú tríd an domhan go fraochmhar; satlaíonn tú ar na náisiúin le corp feirge.

Céard é thusa, a shliabh mhóir? Déanfar má díot roimh Zarubáibil. Nuair a bhéarfaidh sé an chloch chinn amach, gáirfear os ard: “Nach álainn í! Nach álainn í.’ ”

beidh na hardáin in bhur seilbh, agus ní mór daoibh iad a ghlanadh mar tá siad faoi bhrat crann; beidh siad go léir in bhur seilbh ó cheann ceann, ach [ní] féidir daoibh na Canánaigh a dhíbirt de bharr a gcarbad iarainn agus a nirt.”

Dúirt an Tiarna leis: “Beidh mise leat, agus buailfidh tú Midián amhail is nach mbeadh iontu ach aon duine amháin.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí