D'fhreagair Maois an pobal: “Bíodh misneach agaibh!” ar sé; “seasaigí an fód! agus feicfidh sibh conas a fhuasclóidh an Tiarna sibh inniu. Mar na hÉigiptigh a fheiceann sibh inniu, ní fheicfidh sibh go brách arís.
Agus dúirt Maois leis an bpobal: “Ná bíodh eagla oraibh óir tháinig an Tiarna d'fhonn sibh a phromhadh, agus go mbeadh a eagla os comhair bhur súl agaibh agus nach ndéanfadh sibh peaca.”
Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
Mise, an Tiarna, ghlaoigh mé ort san fhíréantacht, rug mé ar láimh ort agus rinne mé thú a mhúnlú, agus cheap mé thú i do chonradh leis an bpobal agus i do sholas do na ciníocha,
Déarfaidh mé leis an Tuaisceart: ‘Tabhair ar ais iad!’ agus leis an Deisceart: ‘Ná coinnigh seilbh orthu!’ Seol ar ais mo chlann mhac as an imigéin agus m'iníonacha ó chríocha na talún,
Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna lena ungthach, Cíoras, an té ar rug sé ar láimh dheis air chun na ciníocha a leagan ina fhianaise agus claíomhchrios na ríthe a scaoileadh ó chéile; chun na comhlaí a bhriseadh roimhe isteach ionas nach mbeidh na doirse dúnta níos mó.
Níl agat feasta chun tú a chinnireacht duine ar bith den chlann mhac a shaolaigh tú, ná chun tú a choinneáil suas lena láimh duine ar bith den chlann mhac a thóg tú.
Mar sin, ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, - an Tiarna a labhraíonn - Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil; ní chuirfidh aon duine eagla air.
Ach ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób ar ais arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil, ní chuirfidh aon duine eagla air.
Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n‑éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin