Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 41:12

An Bíobla Naofa 1981

Beidh tú á lorg agus ní bheidh fáil agat orthu, na céilí comhraic seo agat; dísceofar iad, cuirfear ar neamhní iad, an dream atá ag cur catha ort.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Um thráthnóna, scéin ar fad; roimh mhaidin níl siad ann níos mó. Is í seo cinniúint ár gcreachadóirí, is é is dán don dream a rinne slad orainn.

Amhail duine ocrach a dhéanann brionglóid go bhfuil sé ag ithe, músclaíonn sé agus a bholg folamh; nó duine tartmhar ag brionglóideach go bhfuil sé ag ól, músclaíonn sé go fannlag agus é spallta; is amhlaidh a bheidh le sluaite na gciníocha a chuireann comhrac ar shliabh Shíón.

Beidh [a n‑áit chónaithe ag na púcaí inti]; ní bheidh a cuid uaisle ar fáil níos mó, ní ghairfear ríthe inti feasta agus beidh a taoisigh go léir ina neamhní.

Is ea, ach seo é freagra an Tiarna: Bainfear a phríosúnach den ghaiscíoch féin, déanfar creach an aintiarna a tharrtháil! Troidfidh mise lena dtroidfidh leat, agus sábhálfaidh mé do chlann orthu.

Féach! An tráth sin cuirfidh mé deireadh leis na daoine go léir a d'imir ansmacht ort. Sábhálfaidh mé na bacaigh; baileoidh mé le chéile an mhuintir a ruaigeadh chun fáin agus gnóthóidh mé clú agus cáil dóibh i ngach aon tír ar cuireadh náire orthu inti.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí