Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 41:1

An Bíobla Naofa 1981

Bígí in bhur dtost i mo láthair, a insí na farraige, déanadh na ciníocha a neart a athnuachan; tagadh siad chun tosaigh agus labhraíodh siad. Tagaimis le chéile i láthair an bhreithiúnais, mise agus iad.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Cuir do chrios faoi do choim go fearúil; Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí dom!

Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne: briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna, loisceann sé sciatha agus carbaid le tine.

Gabhaigí i leith ansin agus pléimis an scéal, a deir an Tiarna. Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig, déanfar níos gile iad ná sneachta; má bheadh siad chomh dearg leis an gcorcra, amhail olann a dhéanfar iad.

Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua chun fuílleach a phobail a athghabháil, a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte, ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám, ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.

Gabhaigí i leith, a chiníocha, go n‑éiste sibh; a phobala, tugaigí aire; éisteadh an talamh agus gach a bhfuil ann, an domhan cláir agus a shliocht go léir!

Ach an dream a bhfuil a súil leis an Tiarna, tagann neart úr iontu, éiríonn siad ar eití mar a bheadh iolair. Ritheann siad gan a bheith cortha, siúlann siad rompu gan tuirse a theacht orthu.

Feiceann insí na farraige é agus gabhann eagla iad, tá an talamh ar crith ó cheann ceann; tá siad ag tarraingt orainn, tá siad i láthair.

Cuimhnigh siar agus tugaimis breith ar an scéal le chéile, déan do chuntas tú féin le go saortar thú ó chion.

Bailíodh na náisiúin go léir le chéile agus cruinníodh na ciníocha. Cé ina measc a d'fhoilsigh sin nó a d'fhógair é anallód? Tugadh siad a bhfinnéithe i láthair le go dtugtar ceart dóibh, cloistear iad chun gur féidir á rá: “Tá sin fíor!”

Gabhaigí i leith chugam go gcloise sibh an méid seo: “Ón tús níor labhair mé libh faoi choim, agus ón am a tharla seo tá mise ann.” - “Agus anois tá an Tiarna Dia tar éis mé a chur uaidh, mar aon lena spiorad.”

A insí na farraige, éistigí liomsa; tugaigí aire, a chiníocha i gcéin! Ghairm an Tiarna mé sa bhroinn dom, agus mé i gcoim mo mháthar luaigh sé m'ainm.

An té a shaorfaidh mé ar chion, tá sé i ngar. An bhfuil aon duine a chuirfeadh cúis orm? Tagaimis beirt i láthair, má tá. An bhfuil aon duine ag éileamh ceart orm? Seasadh sé chugam amach!

Ach tá an Tiarna ina theampall naofa; bíodh an domhan go léir ina thost ina láthair.

Féach, táim ag bagairt mo dhoirn ina n‑aghaidh, agus déanfaidh a gcuid sclábhaithe slad orthu. Beidh a fhios agaibhse ansin gurbh é Tiarna na Slua a chuir uaidh mé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí