Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.
Bhí a lucht cónaithe gan lúth na lámh, lán uafáis agus scéine, ar nós lusra na mbánta agus na scratha glasa, féar bharr na dtithe agus na ngort á sheargadh ag an gaoth anoir.
Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh, ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngas ná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirt agus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.
Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit. Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine, an duine ar dual dó an bás, an duine seo nach buaine é ná an féar?
Bhí sibh ag súil le mórán, ach is amhlaidh nach bhfuair sibh ach an beagán; nuair a thug sibh an fómhar isteach shéid mise air. Cén fáth sin, a deir Tiarna na Slua? De bhrí go bhfuil mo theachsa ina fhothrach fad a bhíonn gach uile dhuine agaibhse ag déanamh cúraim dá theach féin.
Mar bíonn teas loiscneach sa ghrian nuair a éiríonn sí agus seargann sí an féar; titeann a bhláth agus téann a mhaise in éag. Sé an dála céanna ag an bhfear saibhir é, rachaidh sé in éag i lár a chúraimí.