Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 40:4

An Bíobla Naofa 1981

Líontar isteach gach gleann, agus íslítear gach sliabh agus gach cnoc; déantar achréidh de na hailteanna agus míntír den gharbhchríoch.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Ar casta iad a gcosáin agus nach siúlann ach ar bhealaí cama.

Tá glór ag fógairt: “Réitigí cosán san fhásach le haghaidh an Tiarna. Déanaigí díreach thar an machaire bealach mór dár nDia.

Ansin foilseofar glóir an Tiarna agus feicfidh an uile fheoil í in éineacht. Óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.”

Ardaíodh an fásach agus a chathracha a nglór, agus na campaí mar a gcónaíonn clann Chéadar! Tógadh muintir Charraig Sheala liú agus gártha ar mhullach na mbeann!

“Siúlfaidh mise romhat mé féin chun na cnapáin a dhéanamh cothrom. Déanfaidh mé smionagar de na comhlaí práis, gearrfaidh mé na barraí iarainn ó chéile.

Déanfaidh mé slí de na sléibhte uile agus leagfar síos dúshraith do na bealaí móra.

Amach libh, amach trí na geataí! Réitigí bealach do mo mhuintir! Tógaigí tóchar, tógaigí suas é; glanaigí na carraigeacha ar shiúl! Ardaigí an comhartha le haghaidh na gciníocha!

Agus tuigfidh gach crann sa pháirc gur mise, an Tiarna, a leagann an crann ard, agus a thógann an ceann íseal, a sheargann an crann glas agus a bhláthaíonn an ceann críon. Mise, an Tiarna; a labhair agus déanfaidh mé beart dá réir.”

Óir seasann rí na Bablóine ag an ngabhal ag ceann an dá bhealach a dhéanamh fáistine. Craitheann sé na saigheada, téann i gcomhairle leis an taráfaím, iniúchann na haenna.

Céard é thusa, a shliabh mhóir? Déanfar má díot roimh Zarubáibil. Nuair a bhéarfaidh sé an chloch chinn amach, gáirfear os ard: “Nach álainn í! Nach álainn í.’ ”

Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”

Líonfar gach cumar, agus ísleofar gach sliabh agus cnocán; déanfar na camshlite díreach agus na bóithre anacra réidh,

Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí