Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 40:29

An Bíobla Naofa 1981

Tugann sé neart don té atá tuirseach, cuireann fuinneamh arís sa té atá lag.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

ach bhris neach tréan a mbogha agus scaradh cuislí a lámh ona chéile ag láimh Neach Tréan Iacóib, ag ainm Charraig Iosrael,

Óir bhíodar ag iarraidh eagla a chur orainn; dúirt siad leo féin: “Tuirseoidh a lámha ón obair, agus ní chuirfear críoch go brách léi.” Ach idir an dá linn bhí neart breise [á chur] i mo lámha agam.

Tabharfaidh an Tiarna neart dá phobal; beannóidh sé a phobal le síocháin.

D'fhear tú flúirse fearthainne, a Dhia, ar d'oidhreacht; thug tú beatha do do phobal agus iad ar an ngorta.

Tagaigí agus admhaígí mórchumhacht Dé a bhfuil ceannas aige ar Iosrael agus cumhacht sna spéartha. 35 Is ineaglaithe Dia Iosrael ina shanctóir naofa; is é a thugann neart agus cumhacht dá phobal. Moladh le Dia!

Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.

Thug an Tiarna Dia dom teanga an aos léinn. Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochta spreagann sé briathar ionam. Maidin in aghaidh na maidine cuireann sé cluas orm chun go n‑éiste mé ar nós an aos léinn.

Óir tugaimse suaimhneas don anam cortha agus sólás don anam doilíosach.”

Neartóidh mé sa Tiarna iad agus gluaisfidh siad ar aghaidh ina ainm, a deir an Tiarna.

Sin é an fáth nach loicimid choíche. Más ea féin go bhfuilimid ag meathlú ar an taobh amuigh, tá an taobh istigh á athnuachan ó lá go lá.

Bíodh do bholtaí d'iarann agus de phrás agus do neart comhfhad le do ré.

Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.

go gcuirfeadh a neart glórmhar ar bhur gcumas cur suas go foighneach le gach ní

mhúch siad tinte craosacha, d'éalaigh siad slán ó bhéal an chlaímh, d'éirigh siad ó laige go láidreacht, bhí siad cróga sa chath agus chuir siad an ruaig ar shluaite eachtrannach.

Ansin chuir an Tiarna scoilt sa log sa talamh ansiúd i Leichí, agus tháinig uisce as. D'ól Samsón, d'fhill a mhisneach air, agus tháinig neart arís ann. Tugadh Éan Hacórae ar an tobar sin dá bharrsan; tá sé ansiúd i Leichí go dtí an lá seo féin.

Briseadh bogha na dtréan, Ach chuir an mhuintir lag an neart mar chrios fúthu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí