“Cé leis a shamhlóidh sibh mé, nó an bhfuil mo leithéid eile ann,” a deir an Neach Naofa.
Níl do shamhail i measc na ndéithe, a Thiarna; ná níl neach ann a dhéanfadh do ghníomhartha.
Óir cé is cosúil leis an Tiarna sna néalta, cé atá inchurtha le Dia ar shlua na bhflaitheas?
Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna? Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachta le huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?
Cé leis mar sin a chuirfidh sibh Dia i gcosúlacht? Cén tsamhail a thabharfaidh sibh dó?
Cé leis a gcuirfidh sibh i gcomparáid agus i gcóimheas mé, cé leis a gcuirfidh sibh mé i gcomórtas agus i gcosúlacht?
Ar chuala aon chine riamh guth Dé [bheo] ag labhairt ó chroí na tine, mar a rinne tusa, agus iad a mhaireachtáil?
Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huiscí atá faoin talamh.