Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh, ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngas ná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirt agus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.
Ansin mharaigh Iéahú gach ar mhair de shliocht Acháb in Izréil, a mhaithe go léir, a dhlúthchairde agus a shagairt, gan duine díobh a fhágáil ina bheatha.
Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.
an lá a gcuireann tú iad, bíonn siad ag geamhrú agat, agus le teacht na maidine bíonn bláth ar do churadóireacht; ach beidh an fómhar millte lá an léin, agus an phian gan leigheas.
Bagraíonn sé orthu, scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach, á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda, mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.
Óir is fada leac teallaigh ullamh cois Toifit, agus ullamh le haghaidh Mhoilic chomh maith, clais dhomhain leathan, lán cocháin agus adhmaid, agus anáil an Tiarna ag cur tine leis, mar a bheadh rabharta ruibhe ann.
Tá mé chun spiorad a chur ann agus cloisfidh sé scéala a thabharfaidh ar ais chuig a thír féin é; cuirfidh mé faoi deara go dtitfidh sé leis an gclaíomh ansin.
Cáithfidh tú iad agus tabharfaidh an ghaoth ar shiúl iad, cuirfidh an stoirm scaipeadh orthu. Maidir leat féin, beidh lúcháir ort sa Tiarna, beidh tú ag déanamh mórtais as Neach Naofa Iosrael.
“Cé a mhúscail é siúd as an Oirthear, a bhfuil an bua ag fáiltiú roimhe gach áit a dtriallann sé? Cé a thugann na ciníocha ar láimh dó agus a thugann béim síos do na ríthe os a chomhair? Déanann a chlaíomh deannach díobh agus scaipeann a bhogh iad ina gcoinleach cáite.
Is mar seo a deir an Tiarna “Scríobhaigí an fear seo faoin teideal: gan chlann; duine nár rug biseach lena laethanta, óir ní thiocfaidh le haon fhear dá shliocht suí i ríchathaoir Dháiví, ná rialú arís in Iúdá.”
Cé gur fhás sí suas go borb i measc a muintire, tiocfaidh an ghaoth anoir uirthi, gaoth an Tiarna a éireoidh ón bhfásach; agus triomófar a foinse agus rachaidh a tobar i ndísc. (Creachfaidh sí a chuid maoine agus a earraí luachmhara uile.)
Dá dheasca sin beidh siad cosúil le néal maidine, nó leis an drúcht a imíonn as radharc go luath, nó leis an gcáith a shéidtear chun siúil ó urlár buailte, nó le púir dheataigh a shíobtar an fhuinneog amach.
Tá an t‑ordú seo tugtha ag an Tiarna i do thaobh: “Ní bheidh sliocht ort a dtabharfar d'ainm orthu feasta; tógfaidh mé na híomhánna greanta agus na dealbha teilgthe chun siúil as teampall do dhéithe; ullmhóidh mé uaigh duit, mar is suarach an duine thú.”
Bhí sibh ag súil le mórán, ach is amhlaidh nach bhfuair sibh ach an beagán; nuair a thug sibh an fómhar isteach shéid mise air. Cén fáth sin, a deir Tiarna na Slua? De bhrí go bhfuil mo theachsa ina fhothrach fad a bhíonn gach uile dhuine agaibhse ag déanamh cúraim dá theach féin.
Ach scaip mé chun fáin iad i measc na náisiún uile nach raibh aithne acu orthu; agus tar éis dóibh imeacht bánaíodh an tír sa chaoi nach raibh duine ná deoraí ag gabháil anonn agus anall inti. Ar an gcuma sin rinne siad fásach folamh dá ndúiche álainn.”
Nochtfaidh an Tiarna os a gcionn. Seinnfidh a shaighead amach mar splanc thintrí; séidfidh an Tiarna Dia an stoc, agus réabfaidh sé leis ar aghaidh ar stoirmeacha an deiscirt.