Is cuma na ciníocha nó neamhní ina láthair; is baoth leis iad agus is lú ná neamhní.
Nach lú ná sin an duine, nach bhfuil ann ach cruimh, Agus mac an duine, nach bhfuil ann ach péist.
Níl san Ádhamhchlann ach puth anála, níl sna huaisle ach bréag; nuair a dhéantar a meá is éadroime iad uile ná an phuth anála féin.
Cuirigí bhur ndóchas ann i gcónaí, a phobal; ligigí rún bhur gcroí leis. Is é Dia ár ndídean. Selah
Ná bíodh do mhuinín sa duine a thuilleadh, nach bhfuil ach puth ghaoithe ina pholláirí. Cén luach a chuirfí síos dó?
Mar bhrionglóid agus mar fhís de chuid na hoíche do shluaite na gciníocha agus iad ag cur cogaidh ar Airéal.
Tá amadán déanta agam díom féin, agus is sibhse faoi deara dom é mar is daoibhse ba chóir mo pháirt a ghlacadh. Mura fiú le háireamh féin mé, ní mhaithfinn bonn do na sáraspail úd.