Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 40:14

An Bíobla Naofa 1981

Cé air a d'iarrfadh sé comhairle chun breithiúnas, chun eolas a chur ar bhealach na córach, chun slí na tuisceana a aimsiú?

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Fásach folamh a ba ea an talamh agus bhí dorchadas ar aghaidh an duibheagáin, agus bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n‑uiscí.

“Cé a d'fhéadfadh ceachta san eagna a thabhairt do Dhia, Agus gurb é a thugann breith ar na huachtaráin?”

Cé a dúirt leis riamh céard a bhí le déanamh aige? Nó go raibh sé de dhánaíocht ann a rá: “Rinne tú éagóir”?

Cá raibh tú nuair a leag mé síos máithreacha na cruinne? Inis dom é, os rud é go bhfuil tú chomh heolgaiseach!

Treoraigh mé ar chosán d'aitheanta, óir is ann atá mo thaitneamh.

Bhí mé ag breathnú uaim agus ní raibh aon duine ann, ní raibh ceann comhairle ar bith ina measc go bhféadfainn ceist a chur air agus a thabharfadh freagra dom.

is é sin, ar Chríost a bhfuil stóir uile na heagna agus an eolais i bhfolach ann.

Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí