Tamall tar éis na nithe sin tháinig briathar an Tiarna chun Abrám i bhfís á rá: “Ná bíodh eagla ort, a Abrám. Is mé do sciath; beidh luach saothair an-mhór agat.”
Féach, seo chugainn duine cumhachtach tréan ón Tiarna, mar bheadh siabadh clocha sneachta ann, mar bheadh stoirm dhíobhálach, mar bheadh díle d'uiscí tréana ag cur thar bruach; agus caithfidh sé síos lena láimh iad ar lár.
Agus bhí mise á rá liom féin: “Tá mo shaothar in aisce agam, tá mo neart caite agam gan éifeacht.” Ach bhí mo cheart le fáil agam i bhfochair mo Thiarna, agus mo chúiteamh i bhfochair mo Dhé.
Tabharfaidh mé mo cheart i láthair go tobann, tiocfaidh mo shlánú ar nós an tsolais. Tá mo lámh ar tí breith a thabhairt ar na ciníocha. Tá súil ag insí na farraige liom agus iad muiníneach as neart mo láimhe.
Is é sin an fáth a ndáilfidh mé na sluaite air agus roinnfidh sé an chreach leis na tréana, cionnas gur scaoil sé a anam leis an mbás agus gur áiríodh é ar líon na bpeacach, cé go raibh coireanna na sluaite ar iompar aige agus é ag déanamh eadrána ar son na bpeacach.”
Tá an t‑ionracas in easnamh agus déantar slad ar fhear seachanta an oilc. Chonaic an Tiarna sin agus níor thaitin sé leis nach raibh ceart le fáil os a chomhair.
Chonaic sé nach raibh aon duine ann, agus b'iontach leis gan fear eadrána bheith le fáil. Mar sin rinne a lámh féin slánú dó agus ba í a fhíréantacht a chrann taca.
Seo é fógra an Tiarna go críocha na cruinne féin: “Abraigí le hiníon Shíón: Seo chugat d'fhuascailteoir. Tá a luach saothair leis ina sheilbh agus a chúiteamh á iompar roimhe amach.
Bhreathnaigh mé timpeall; ní raibh duine le cuidiú liom; agus b'iontach liom nach raibh taca le fáil. Mo lámh féin mar sin a chuidigh liom, agus m'fhearg, is í a rinne taca dom.
Is mar seo a deir an Tiarna: Éirígí as bhur gcaoineadh, triomaígí bhur súile; déanfar bhur saothar a chúiteamh - an Tiarna a labhraíonn. Tiocfaidh siad ar ais ó thír a namhad.
“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.
thóg siad craobhacha pailme agus amach leo ina choinne, agus na gártha á gcur suas acu: “Hósana! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna, sea, rí Iosrael.”
Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil nádúr daonna ag an gclann go léir, ghlac seisean an nádúr céanna sin. Rinne sé é sin chun an té a bhfuil an bás faoina cheannas, is é sin, an diabhal, a scriosadh trína bhás féin,
Fearfaidh siad sin cogadh ar an Uan, ach cloífidh an tUan iad mar is é sin tiarna na dtiarnaí agus rí na ríthe; agus a lucht leanúna, is iadsan an lucht a glaodh, na tofaigh, na dílsigh.”
Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.