Tiocfaidh na laethanta a dtabharfar ar shiúl chun na Bablóine gach a bhfuil i do phálás, gach ar chuir do shinsir i dtoll a chéile go dtí an lá inniu. Ní fhágfar aon ní, a deir an Tiarna.
Rug seisean leis a raibh de shaibhreas i dTeampall an Tiarna agus de mhaoin i bpálás an rí. Bhris sé ina smionagar an trealamh óir a rinne Solamh rí Iosrael i gcomhair shanctóir an Tiarna. Is mar sin a comhlíonadh briathar an Tiarna.
In earrach na bliana chuir Nabúcadnazar fios air agus thug go dtí an Bhablóin é le gréithe luachmhara Theampall an Tiarna, agus cheap sé Zidicíá, a dheartháir, ina rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim.
Soithí uile Theampall Dé, idir bheag agus mhór, seoda theach an Tiarna, agus seoda an rí agus na dtaoiseach, thug sé iad go léir leis go dtí an Bhablóin.
Tabharfaidh mé fós maoin uile na cathrach seo, a huile shaothar, gach uile ní mórluaigh agus stór uile ríthe Iúdá i láimh a naimhde a chreachfaidh agus a thógfaidh iad agus a bhéarfaidh leo don Bhablóin iad.