Íseáia 39:2An Bíobla Naofa 1981Ba mhór le Hiziciá sin agus thaispeáin sé do na teachtairí a státchiste, idir ór agus airgead, idir spíosra agus ola luachmhar, chomh maith lena armlann agus gach a raibh ina chuid stóras. Dada ní raibh ina phálás ná ina chríocha ar fad nár thaispeáin Hiziciá dóibh. Féach an chaibidil |
Moladh leis an Tiarna do Dhia a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar a ríchathaoir thú mar rí [in ainm] an Tiarna do Dhia. De bhrí go bhfuil grá bithbhuan ag an Tiarna do Iosrael, agus gur mian leis é chothú go brách, rinne sé rí díotsa chun an dlí agus an ceart a riar.” Bhronn sí céad fiche tallann óir ar an rí agus lear mór spíosraí agus líoga lómhara. Ní raibh riamh spíosraí mar iad siúd a thug banríon Sheabá do Sholamh rí.