San am sin, chuir Marodac Baladán mac Bhaladán, rí na Bablóine, chuir sé litreacha agus bronntanas chuig Hiziciá, mar gur chuala sé trácht ar a bhreoiteacht agus ar a théarnamh.
Dúirt Dáiví leis féin: “Beidh mé chomh dílis céanna do Hánún mac Nácháis agus a bhí a athair domsa.” Chuir Dáiví a sheirbhísigh chuige le teachtaireacht chomhbhróin faoi bhás a athar. Ach nuair a ghabh seirbhísigh Dháiví isteach i dtír na nAmónach,
chuir sé a mhac Iórám go dtí Dáiví rí chun beannú dó agus comhghairdeas a dhéanamh leis mar gur throid sé le Hadad Eizir agus gur bhuaigh sé air; ba namhaid é Hadad Eizir do Thoí. Thug Iórám leis gréithe óir agus airgid agus cré-umha.
Thug a lán daoine tabhartais chun an Tiarna in Iarúsailéim, agus bronntanais do Hiziciá rí Iúdá; tar éis ar tharla, bhí ardmheas ar Hiziciá i measc na náisiún go léir.
Ach ní dhearna Hiziciá aon chúiteamh ar son a ndearnadh dó; d'at a chroí le huabhar agus tháinig fraoch na feirge sa mhullach air féin, ar Iúdá, agus ar Iarúsailéim.
Fiú amháin i gcás na dteachtairí ó thaoisigh na Bablóine a tháinig chun ceist a chur faoin rud iontach a tharla sa tír, níor thréig Dia é ach lena phromhadh agus le rúin a chroí a fháil amach.