Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 38:18

An Bíobla Naofa 1981

Ní thugann Seól moladh duit, ní féidir don Bhás tú a cheiliúradh; an dream a théann síos sa duibheagán, níl dóchas acu as do dhílseacht níos mó.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Le Dáiví. 1 Ortsa, a Thiarna, a screadaim, éist liom, a charraig. Mura n‑éisteann tú beidh mé mar dhuine a ghabhann síos san uaigh.

Is ortsa, a Thiarna, a ghlaoigh mé, chun Dé a chuir mé m'achainí. “Cén tairbhe mo bhás má ghabhaim sa pholl?

Fill, a Thiarna, fuascail m'anam agus saor mé as ucht do bhuanghrá.

Óir níl cuimhne ag aon neach ort i measc na marbh; cé a thabharfaidh moladh duit san uaigh?

Scriosann a urchóid féin an coirpeach; ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.

Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.

Chuadar síos ina mbeatha go Seól, iad féin agus gach ar bhain leo; dhún an talamh orthu agus bhíodar sciobtha ó lár an chomhthionóil.

Agus imeoidh siad leo, iad seo isteach i bpionós síoraí, ach na fíréin i mbeatha shíoraí.”

ach clann na ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí