Ach, a Thiarna, ina dhiaidh sin beidh m'anam beo i do chuideachta; is tú a thabharfaidh suaimhneas do mo spiorad. Beidh fáil ar théarnamh agam agus fadú saoil.
Éist le mo ghuí agus le m'urnaí, a Thiarna, ná tabhair cluas bhodhar do mo ghlao. Óir is aoi mé atá ag baint fúm agatsa i m'oilithreach ar nós m'aithreacha go léir.
Cuireann tú fáilte roimh an dream a chleachtann an ceart agus a mbíonn cuimhne acu ort féin agus ar do bhealaí. Tá fearg ort, agus déanaimid peaca dá ainneoin sin; is fada sinn ag déanamh ceannairce i do choinne.
D'umhlaigh sé thú agus d'fhág ocrach thú agus chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha, d'fhonn é a chur in iúl duit nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach go maireann an duine ar gach ní a thagann ó bhéal Dé.
Lena chois sin, nuair a chuireadh ár n‑aithreacha nádúrtha smacht orainn, bhímis urramach dóibh. Nach mó go mór ná sin is ceart dúinn bheith umhal dár n‑athair spioradálta agus an bheatha a shealbhú?